Page 88 - Donegal CC An Rpt 19
P. 88

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Boscaí bruscair dramhbhia tí - Rinneadh dul chun cinn suntasach in 2019 i ndáil le rolladh amach boscaí bruscair dramhbhia tí i gceirtleáin ina bhfuil daonra níos mó ná 500. Faoi dheireadh 2019 bhí bosca bruscair dramhbhia curtha ar fáil do thart ar 11,000 teaghlach sa chontae.
Oideachas agus Feasacht Timpeallachta
Lean an Chomhairle le clár cuimsitheach feasachta a sholáthar atá dírithe ar scoileanna, sealbhóirí tí, gnóthaí agus eagraíochtaí agus grúpaí pobail.
Bhí 196 scoil cláraithe chun páirt a ghlacadh i gClár na Scoileanna Glasa agus bronnadh Brat Glas ar 43 scoil in 2019. Chomh maith leis, cúis cheiliúrtha do Scoil Cholm Cille, Leitir Ceanainn gur bronnadh an 10ú Brat Glas ar an scoil agus go raibh an scoil páirteach i gClár na Scoileanna Glasa le breis is 20 bliain anuas.
D’fhonn tacú leis an bhfeachtas náisiúnta MyWaste reáchtáil an t-oifigeach feasachta feachtas poiblíochta athchúrsála chun aird a tharraingt ar an raon seirbhísí atá ar fáil cosúil le hionaid fág anseo, ionaid athchúrsála, athchúrsáil cois bóthair, an Bosca Bruscair Dramhbhia agus múiríniú baile.
Reáchtáladh roinnt ceardlann feasachta dramhaíola le heagraíochtaí móra cosúil le hOspidéal Ollscoile Leitir Ceanainn agus scaip Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall eolas maidir leis an bpríomhtheachtaireacht athchúrsála agus cosc dramhaíola. Bronnadh teastas Fiúntais ECO ar Aerfort Dhún na nGall in 2019.
Seoladh tionscadal Phobal Inbhuanaithe Going Green an Chlocháin Léith i gcomhar le Bailte Slachtmhara an Chlocháin Léith, forbraíodh cairteacha le haghaidh Gnó Inbhuanaithe agus cuireadh gnéithe glasa san áireamh i bhFéile Ealaíne Idirnáisiúnta Mháire an Chlocháin Léith in 2019 agus é mar aidhm tuilleadh forbairt a dhéanamh orthu seo sna blianta amach romhainn. Cuireadh tacaíocht ar fáil d’fheachtais náisiúnta freisin cosúil le Stop an Dramhaíl Bhia, Feachtas Náisiúnta i gcoinne Bruscar Guma agus Mí na hAthúsáide. I rith Mhí na hAthúsáide, reáchtáladh roinnt imeachtaí áitiúla lena n-áirítear Cothabháil Rothar, Uaschúrsáil Faisin agus d’éirigh thar cionn le Taispeántas Sheid na bhFear Dhún na nGall arís in 2019.
 Taispeántas Sheid na bhFear 2019


























































































   86   87   88   89   90