Page 90 - Donegal CC An Rpt 19
P. 90

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Clárchosán Ros Neamhlach
Tá an t-aonad seo freagrach as bainistíocht tionscadail scéimeanna in 8 shuíomh; Bun
na hAbhann, Caisleán na Finne, Na Gleannta, Na Dúnaibh, An Cheathrú Chaol, Bealach Féich agus Srath an Urláir, Bun Cranncha agus Lodán agus Ráth Mealtain. Tá ONP i mbun bainistíochta tionscadail do scéim faoisimh tuilte do Leifear sa bhreis ar thionscadal le haghaidh Ráth Bhoth atá á bhainistiú le roinnt blianta anuas.
Bainistíocht Tránna
Bhí 142 Láthair Shnámha Ainmnithe (LSAanna) ar fud na tíre in 2019, agus bhí 21 díobh (beagnach 15%) i nDún na nGall. As measc an 21 LSA i nDún na nGall ar tástáladh caighdeán an uisce iontu, soláthraíodh áiseanna breise bainistíochta do roinnt acu, agus cloíodh
le dianphrótacail phoiblíochta cosúil le dámhachtainí an Chósta Ghlais agus na Brataí Goirme.
In 2019 bronnadh 13 Bhrat Ghorma ar Dhún na nGall, 11 ag tránna agus 2 cheann le haghaidh muiríne ag An Caisleán Nua agus Ráth Maoláin. Seo a leanas na tránna ar bronnadh Brat Ghorm orthu - An Charraig Fhinn, Cúil Dabhcha, Na Dúnaibh, Fionntrá, Trá na Cille, Cnoc an Mharmair, Muirbheach, An Fhearthainn, Port an tSalainn, Ros Neamhlach agus An tSrúibh.
Chomh maith leis sin, bronnadh dámhachtainí an Chósta Ghlais ar na tránna seo a leanas - Baile Thiarnáin, An Dumhaigh, Droim na Tine agus Machaire Rabhartaigh.
Bhí an-tóir freisin ar chathaoireacha rothaí
trá ag Ráth Maoláin, Cnoc an Mharmair, Na Dúnaibh, An Charraig Fhinn, Ros Neamhlach agus An Fhearthainn. Tá sé beartaithe go mbeidh an tseirbhís thábhachtach seo ar fáil ag tránna eile go luath freisin.
Clárchosán Ros Neamhlach
Rinneadh infheistíocht shuntasach i dtrá Brataí Goirme Ros Neamhlach chun rochtain ón bpríomh-charrchlós a fheabhsú. Suiteáladh clárchosán nua, a bhfuil rochtain ag gach úsáideoir na trá air.






















































































   88   89   90   91   92