Page 91 - Donegal CC An Rpt 19
P. 91

                                 Sábháilteacht Uisce
Fostaíodh gardaí tarrthála ag gach Trá Brataí Goirme agus i Ráth Maoláin i rith an tséasúir snámha. Tá clár cothabhála ar siúl go leanúnach le haghaidh baoithe tarrthála a chiallaíonn go bhfuil siad á ndeisiú/á n-athsholáthar mórthimpeall an chósta nuair is gá.
Cuireadh cabhair ar fáil do ghrúpaí áitiúla cuardaigh agus tarrthála sa chontae agus cuireadh feabhas ar chaidreamh oibre le Garda Cósta na hÉireann chun sábháilteacht uisce feadh an chósta a fheabhsú.
Ionaid Fóillíochta
In 2019 cuireadh oibreacha athchóirithe seirbhísí tógála agus uasghrádú ar sheomraí feistis i gcrích in Ionad Fóillíochta Bhéal Átha Seanaidh. I rith 2019 d’oibrigh oifigigh ón gComhairle
le Coiste Comhoibríoch Ionad Fóillíochta Bhun Cranncha chun achoimre tionscadail a ullmhú do dhearadh ionad fóillíochta chun teacht in ionad na háise atá sa bhaile faoi láthair. Rinneadh gairm ar thairiscintí ag deireadh 2019 le haghaidh foireann dearaidh faoi stiúir Ailtire agus Suirbhéir Cainníochta - Foireann Bainistíochta Tionscadail.
Straitéis um Oiriúnú don Athrú Aeráide
Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall lena Straitéis um Oiriúnú don Athrú Aeráide 2019 go dtí 2024 i Meán Fómhair 2019. Sonraítear sa straitéis seo breis is 100 gníomh a chuirfear i gcrích i rith na tréimhse lena chinntiú go bhfuil Dún na nGall réidh don athrú aeráide. Tá na gníomhartha roinnte i gcúig théama oibríochta - Rialachas, Príomh-infreastruchtúr agus Foirgneamh, Caipiteal Nádúrtha agus Cultúrtha, Acmhainní Uisce agus Bainistíocht Tuilte agus Seirbhísí Pobail. Déanfaidh an Grúpa Stiúrtha um Oiriúnú don Athrú Aeráide monatóireacht ar chur chun feidhme na straitéise agus ullmhóidh sé tuarascálacha bliantúla maidir le dul chun cinn.
Leathanach 89
          

























































































   89   90   91   92   93