Page 89 - Donegal CC An Rpt 19
P. 89

                                 Bronnadh duais an Bhuaiteora do Dhúshlán Uaschúrsála Sheid na bhFear ar Sheid na bhFear, Cill Mhic Réanáin
Chomh maith leis sin, reáchtáladh feachtais in aghaidh an bhruscair lena n-áirítear Glantachán Mór Dhún na nGall, agus reáchtáladh breis is 200 glantachán pobail ar ghlac breis is 5,500 duine páirt iontu. Chabhraigh roinnt ambasadóirí áitiúla le haird a tharraingt ar an bhfeachtas agus thacaigh Seó John Breslin ar Highland Radio leis an bhfeachtas freisin.
Bainistíocht Bruscair
Tá Foireann Bruscair de 11 chomhalta foirne ag leanúint ag obair i ndlúthchomhar leis an bpobal chun bruscar a chosc, agus glantacháin a chomhordú le Grúpaí na mBailte Slachtmhara agus Grúpaí Pobail ar fud an Chontae.
Reáchtáladh breis is 3000 imscrúdú bruscair & dramhaíola, lena n-áirítear roinnt oibríochtaí ilghníomhaireachta. Leanadh ar aghaidh le feachtas feasachta éifeachtach maidir le salú ag madraí, faoi stiúir na maor bruscair. Baineadh breis is 47 tona de dhramhaíl stairiúil den chuid is mó ó limistéir scéimhe ar fud an Chontae mar chuid de Thionscnamh in aghaidh Dumpála 2019. D’éirigh leis an Údarás Áitiúil €101,916
a fháil ón Roinn Cumarsáide, Gníomhú ar son na hAeráide & an Chomhshaoil chun
an tionscnamh seo a reáchtáil. Úsáideadh na cistí ar roinnt príomhthionscadal lena n-áirítear: cúnamh a thabhairt le glantachán pobail trí acmhainní agus tacaíocht. Chuir an tionscadal seo ar chumas na comhairle tacú le glantacháin phobail, grúpaí na mBailte Slachtmhara agus grúpaí timpeallachta eile ar bhealach dáiríre agus follasach. Áiríodh mar chuid den tionscnamh seo freisin
infheistíocht i dtrealamh faireachais lena n-áirítear ceamaraí ceilte.
Bainistíocht Chaighdeán an Aeir
Tá monatóirí chaighdeán an aeir suiteáilte agus ag oibriú i suíomhanna oiriúnacha i Leitir Ceanainn agus Bun Cranncha, agus
tá torthaí maithe tugtha faoi deara i mBun Cranncha le haghaidh PM10 agus PM2.5, príomhtháscairí truailliú aeir mar thoradh ar dhó gual toiteach. I gcás Leitir Ceanainn, ag tús an tséasúir dó, tugadh ardú suntasach faoi deara sna paraiméadair táscaire seo, fianaise go rabhthas ag leanúint le gual toiteach a dhó sa “cheantar toirmiscthe”. Spreag sé seo méadú ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin lena n-áirítear cuairteanna ar dhíoltóir guail agus patróil lasmuigh d’uaireanta oibre a raibh sé mar aidhm leo soláthar breoslaí neamh-chomhlíontacha
a stopadh. Ar aon dul leis sin, reáchtáil
an Rannóg timpeallachta dhá fheachtas ó dhoras go doras, agus ghlac foireann mhór páirt san fheachtas agus roinn siad eolas leis an bpobal ag doirse a dtithe féin. Thug monatóirí chaighdeán an aeir le fios go raibh roinnt feabhais ag teacht ar chaighdeán an aeir mar thoradh ar na tionscnaimh éagsúla seo.
Scéimeanna Faoisimh Tuilte
Cheadaigh Oifig na nOibreacha Poiblí
(ONP) forbairt scéimeanna faoisimh tuilte go foirmiúil le haghaidh 9 mbaile agus sráidbhaile i nDún na nGall. Bunaíodh rannóg nua, Aonad na Scéimeanna Faoisimh Tuilte, laistigh de Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Leathanach 87


















































































   87   88   89   90   91