Page 59 - Donegal CC An Rpt 19
P. 59

                                Córais Faisnéise | Tacaíocht agus forbairt ár n-acmhainne eagraíochtúla chun ár gcuspóirí a chomhlíonadh
Freastalaíonn infreastruchtúr Theicneolaíocht Faisnéise Chomhairle Contae Dhún na nGall ar 107 suíomh ar fud an chontae agus glactar leis mar cheann de na líonraí Údaráis Áitiúil is mó in Éirinn.
Cuimsítear san infreastruchtúr seo:
· 96 Freastalaí
· 1,338 Ríomhaire Deisce & Glúine
· 380 Printéir/Scanóir/Breacaire
· 29 Gléas Ilfheidhmeach Bainistíochta
Priontála
· 17 Córas Teileafóin PABX
· 910 Sás Láimhe Teileafóin
· 287 Táibléad
Le cois an infreastruchtúir TFC seo, déantar raon leathan córas tacaíochta gnó na Comhairle a bhainistiú ar bhonn laethúil.
Soláthraíodh comhthéacs áitiúil luachmhar i bPlean Corparáideach 2015-2019 na Comhairle le haghaidh Pleanáil Oibríochtúil Córas Faisnéise atá dírithe ar thacú lena cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha. Áiríodh i measc na bhfeidhmithe córais nua in 2019 córas leictreonach chun cruinnithe Comhairle a bhainistiú, suíomh gréasáin turasóireachta don Chontae, aip iniúchta feithicle Comhairle agus tionscadal digitithe leabharlainne.
Tionscadal Digitithe Leabharlainne
Dhún na nGall
Tá Ionaid Foghlama Digití á bhforbairt ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall i ngach ceann dá 13 leabharlann bhrainse.
Is é an cuspóir atá leis seo cabhrú le daoine de gach aois agus cumas foghlaim conas
a gcuid scileanna a úsáid agus a fhorbairt
trí theicneolaíocht a úsáid. Beidh sraith ranganna á reáchtáil ag na leabharlanna seo trí úsáid a bhaint as an trealamh nua agus beidh an trealamh ar fáil freisin d’úsáideoirí rialta na leabharlainne.
San áireamh sa trealamh nua seo tá
iPad, Táibléid, iMac agus scáileáin mhóra d’fhoghlaim idirghníomhach. Chomh maith leis sin, tá dhá thábla Tovertafel suiteáilte
ag an leabharlann a úsáidtear go príomha chun timpeallacht spreagthach a chruthú do dhaoine ag a bhfuil néaltrú chun cabhrú leo lena gcumas gluaiseachta agus le caidreamh sóisialta.
Tá printéir 3T suiteáilte sa Phríomhleabharlann. Úsáidtear é seo chun cur ar chumas custaiméirí foghlaim faoi phriontáil 3T trí thaispeántais.
Suíomh agus Taisclann Turasóireachta
Seoladh GovisitDonegal.com in 2019 chun aird a tharraingt ar Chontae Dhún na nGall mar príomhcheann scríbe turasóireachta. Soláthraítear príomh-inneachar an tsuímh ghréasáin seo trí thaisclann lárnach turasóireachta.
Sa taisclann turasóireachta stóráiltear faisnéis a bhaineann le soláthraithe turasóireachta i gContae Dhún na nGall
atá grúpáilte faoi mhórchatagóirí cosúil le cóiríocht, bialanna, gníomhaíochtaí, nithe is díol spéise agus imeachtaí. Nuair a bhíonn soláthraí turasóireachta faofa, tugtar rochtain dó ar chuntas trínár féidir leis faisnéis a bhaineann leis an táirge atá á thairiscint aige a uaslódáil.
Comhairle Leictreonach
I rith théarma nua na Comhairle in 2019 cuireadh tús le cruinnithe gan pháipéar i gcás chruinnithe na Comhairle Iomlánaí agus na gCeantar Bardasach. Éascaíodh é seo trí SharePoint ar líne do Chomhaltaí tofa agus d’fhoireann riaracháin cruinnithe agus is ann atá doiciméid na gcruinnithe ar fad á stóráil.
Leathanach 57





































































   57   58   59   60   61