Page 61 - Donegal CC An Rpt 19
P. 61

                                 Dún na nGall Digiteach ar cuairt ag an Wave Lab ag Pramerica, Leitir Ceanainn
ERNACT
Leanadh leis an rannpháirtíocht, trí líonra ERNACT (www.ernact.eu), i dtionscadail chomhoibríocha AE i rith 2019.
Reáchtáladh comhdháil seolta EMERGREEN EU, tionscadal arna mhaoiniú ag NPA, i mí Aibreáin 2019. Dhírigh an tionscadal seo ar rannpháirtíocht eolaíocht saoránach arna tacú le teicneolaíochtaí Idirlíon na nEarraí i réimse na monatóireachta cósta in Inis Eoghain. Is iad na comhpháirtithe a bhfuil baint acu leis an tionscadal seo Comhairle Contae Dhún na nGall, ERNACT, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Cumann na nÚdarás Áitiúil i Västernorrland na Sualainne, Ollscoile Heilsincí Mikkeli na Fionlainne, Gníomhaireacht Chomhshaoil Oileáin Fharó & Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Seoladh an tionscadal SMARCTIC, arna mhaoiniú ag an AE agus NPA, i mí Lúnasa 2019. Tá an tionscadal seo dírithe ar úsáid mhéadaithe a bheith á baint as éifeachtúlacht fuinnimh agus réitigh fuinnimh in-athnuaite in infreastruchtúir tithíochta agus poiblí i gceantair iargúlta, atá tearc i ndaonra. Is iad na comhpháirtithe tionscadail a bhfuil baint acu leis an tionscadal seo Comhairle Contae Dhún na nGall, ERNACT, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Ollscoil Eolaíocht Fheidhmeannach na Laplainne, an Fhionlainn, agus Gníomhaireacht Taighde & Forbartha Teasa na hÍoslainne.
Leathanach 59
 An tAire Oideachais agus Scileanna An tUas. Joe McHugh agus an Leas-Chathaoirleach An Clr. Niamh Kennedy, ag seoladh an Tionscadail Nuálaíochta Digití, arna mhaoiniú ag Vodafone agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, i Málainn Bhig, le clúdach guthán póca a chasadh air go háitiúil.




























































































   59   60   61   62   63