Page 63 - Donegal CC An Rpt 19
P. 63

                                Rannán na gCuntas Bainistíochta | Tacú le agus forbairt a dhéanamh ar ár n-acmhainn eagraíochtúil chun ár gcuspóirí a chomhlíonadh
Is ar Rannán na gCuntas Bainistíochta atá an phríomhfhreagracht maidir le hullmhú, bainistiú agus maoirsiú a dhéanamh ar an Bhuiséad Ioncaim Bhliantúil agus ar an Bhuiséad Caipitil rollach trí bliana.
Ghlac na Comhaltaí Tofa le Buiséad Ioncaim 2019 ar an 21 Samhain 2018, de réir Acht Rialtais Áitiúil, 2001 (arna leasú) agus laistigh den tréimhse forordaithe ag an Aire Comhshaoil, Pobail & Rialtais Áitiúil.
Ullmhaíodh Buiséad Caipitil 2019 - 2021 de réir Acht Rialtais Áitiúil, 2001 (arna leasú) agus rinne na Comhaltaí Tofa é a bhreithniú ag Cruinniú na Comhairle ar an 26 Samhain 2018.
Chomh maith leis sin, tá Rannán na gCuntas Bainistíochta freagrach as Tuairisceáin Airgeadais AE/an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ráithiúla a ullmhú agus a chur ar fáil mar aon le tuairisceáin reachtúla eile ar bhonn tréimhsiúil. Chomhordaigh Rannán na gCuntas Bainistíochta aighneacht Chomhairle Contae Dhún na nGall faoin gCód Caiteachais Phoiblí, a cuireadh i gcrích faoin spriocdháta, an 31 Bealtaine 2019, agus atá foilsithe ar líne.
I measc rudaí eile, bainistíonn Rannán na gCuntas Bainistíochta Leabhar Árachais na Comhairle, Leabhar Iasachtaí, feidhm Soláthair, aisghabháil costas faoi théarmaí an Chomhaontaithe Leibhéal Seirbhíse le Uisce Éireann, agus na ceisteanna laethúla buiséid a bhfuil tionchar acu ar an eagraíocht trí chéile.
Rannán Soláthair
Soláthraíonn an Rannán Soláthair oiliúint agus treoir do chomhaltaí foirne a bhfuil baint acu le soláthar poiblí. Tá ról lárnach ag an Rannán Soláthair i bhforbairt réiteach soláthair a thacaíonn le cuspóirí luach ar airgead Chomhairle Contae Dhún na nGall i ndáil leis na hearraí agus seirbhísí a cheannaíonn an Chomhairle.
D’fhógair Comhairle Contae Dhún na nGall 331 mionchomórtas agus 31 luachan ar an tairseach ‘SupplyGov’ in 2019, a chlúdaigh seirbhísí cosúil le Gléasra ar Cíos agus Mionoibreacha Tógála. Fógraíodh 99 tairiscint ar eTenders (an t-ardán tairisceana leictreonach atá á riar ag an Oifig um Sholáthar Rialtais), agus fógraíodh 5 thairiscint in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU).
Leathanach 61
 Buiséad Ioncaim Bhliantúil 2019
 €145,979,803
 Buiséad Caipitil Trí Bliana 2019 - 2021
 €417,850,902
  




















































































   61   62   63   64   65