Page 64 - Donegal CC An Rpt 19
P. 64

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Áiríodh i measc na réimsí suntasacha in 2019:
· Soláthar oiliúint intí agus sheachtrach maidir le Creat Bainistíochta na nOibreacha Caipitiúla, eTenders, Quick Quotes, SupplyGov agus soláthar poiblí ginearálta
· Treoir a fhoilsiú ar www.donegalcoco.ie chun cabhrú le FBManna le soláthar poiblí (de réir bheartas an rialtais maidir le rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn agus a spreagadh)
· Cothabháil doiciméad Bheartas agus Nósanna Imeachta Soláthair Chomhairle Contae Dhún na nGall lena chinntiú go bhfuil acmhainn beartais agus nósanna imeachta cothrom le dáta ar fáil do gach comhalta foirne ar bhonn comhsheasmhach ar fud na heagraíochta
· Cur le cruinnithe ráithiúla Choiste Luach ar Airgead na Comhairle. Bunaíodh an Coiste chun dlús a chur le héifeachtúlachtaí agus chun coigilteas a uasmhéadú, áit ar féidir, in oibríochtaí uile na Comhairle
· An clár oibre eProcurement a fhorbairt ionas go mbeidh sé ag teacht le straitéis ríomhthráchtála an Rialtais, atá deartha chun costais a laghdú do cheannaitheoirí agus do sholáthraithe
Rannán na Cuntasaíochta Airgeadais
Párolla
Tá an Rannán Párolla freagrach as breis is 1,900 comhalta foirne reatha agus iarchomhalta foirne a íoc. Bhí íocaíochtaí comhlána de bheagnach €62 milliún i gceist in 2019, na hasbhaintí gaolmhara ar fad á gcur san áireamh, reachtúil agus deonach.
In 2019, bhí an rannán Párolla freagrach as an bpróiseas Nuachóirithe Párolla a bhainistiú
don eagraíocht. Cuimsítear sa Nuachóiriú ÍMAT an t-athchóiriú is suntasaí ar an gcóras ÍMAT ó bunaíodh an córas sa bhliain 1960. Ón 1 Eanáir 2019, ceanglaítear ar fhostóirí pá agus asbhaintí a gcuid fostaithe a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfíor-am, de réir mar atá siad á n-íoc.
Tá foireann Phárolla Chomhairle Contae Dhún na nGall ag leanúint ar aghaidh ag obair le seirbhísí comhroinnte ‘MyPay’ chun próisis phárolla leanúnacha a bhainistiú, le cois déileáil le ceisteanna náisiúnta atá ábhartha don earnáil.
Cuntais Iníoctha
Bhí rannán na gCuntas Iníoctha freagrach as íocaíochtaí arbh fhiú sa bhreis ar €205m iad a phróiseáil in 2019. Chomh maith leis sin, bainistíonn an rannán seo gach cáin indíreach, CBL, Fáltais Ionphobail, Cáin Conarthaí Iomchuí, Cáin Shiarchoinneálach Seirbhís Ghairmiúil, agus Cáin Ioncaim, mar aon leis na ceanglais ghaolmhara rialála agus chomhlíontachta.
Meaitseáil Sonrasc Lárnach & Próiseáil Bileog Ama
In 2017, bunaíodh Foireann Meaitseála Sonrasc Lárnach nua (MSL). Ó shin i leith, tá oiliúint shuntasach curtha i gcrích ag an bhfoireann MSL maidir le comhlíontacht cánach, agus maidir le hoibriú chóras bainistíochta airgeadais na Comhairle (Agresso).
Rinneadh an fheidhm Próiseála Bileog Ama (PBA) a chónascadh leis na bhFoireann MSL i rith 2018. Tá comhaltaí den fhoireann MSL inniúil ar thascanna/dualgais PBA agus a mhalairt, chun breis acmhainneachta a sholáthar i rith tréimhsí gnóthacha

















































































   62   63   64   65   66