Page 66 - Donegal CC An Rpt 19
P. 66

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Deontas do Ghnóthaí Beaga
Bunaíodh an Deontas do Ghnóthaí Beaga den chéad uair in 2015. Ceadaíonn an scéim seo do chustaiméirí a íocann a mbille rátaí ina iomláine faoin 31 Deireadh Fómhair tairbhe a bhaint as deontas de 7.5%, faoi réir deontas uasta de €375.00. In 2019, bhain 2,273 custaiméir tairbhe as an Deontas do Ghnóthaí Beaga, deontas a raibh ar an gComhairle thart ar €444,000 a íoc lena aghaidh.
Cíosanna Tithíochta
Bailíodh €12.9m ó bhreis is 5,300 tionónta de chuid na Comhairle in 2019. Is ionann é seo agus feidhmíocht bailithe de 90%.
Iasachtaí Tithíochta
Bailítear beagnach €2m gach bliain ón 544 iasachtaí a bhfuil iasachtaí Comhairle á n-aisíoc acu. Tá roinnt roghanna ar fáil d’iasachtaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu i ndáil lena n-aisíocaíochtaí iasachta a íoc, agus chuige seo tá obair na Comhairle á treorú ag Próiseas Réitigh na Riaráistí Morgáiste (MARP).
Tá an Chomhairle ag leanúint ar aghaidh ag tacú le húinéireacht tí trí iasachtaí morgáiste a éascú do thionóntaí a bhfuil tithe comhairle á gceannach acu, agus do thionóntaí ar mian leo tithe a cheannach ar an margadh oscailte. Is morgáiste nua a bhfuil an Rialtas ag tacú leis é Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann, atá dírithe go sonrach ar cheannaitheoirí céaduaire, ar féidir é a
úsáid chun áitreabh nua nó dara láimhe a cheannach, nó le haghaidh foirgneamh féintógtha. Ceadaíodh 26 iasacht den chineál sin in 2019. Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle ag leanúint le dlús a chur le Scéim Athstruchtúraithe na hÚinéireachta Comhroinnte, a cheadaíonn d’iasachtaithe na hIasachtaí Úinéireachta Comhroinnte atá acu faoi láthair a athstruchtúrú.
ACPNP
In 2019 bailíodh beagnach €1.7m ó úinéirí áitribh a bhí dlite le haghaidh riaráistí mhuirear
na hÍocaíochta ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (ACPNP). Cé gur cuireadh deireadh leis an muirear seo in 2013, tá oibleagáid fós ann aon riaráistí agus pionóis dlite a ghlanadh, sula ndíoltar nó sula n-aistrítear an t-áitreabh. Tá gá le teastas glanta nó díolúine chun díol nó aistriú an áitribh iomchuí a chur i gcrích. Ó tharla líon na n-idirbheart áitribh a bheith ag méadú, is rannóg ghnóthach é an Rannóg ACPNP den Aonad Bailithe Ioncaim, agus tá méid suntasach ioncaim fós á bhailiú ón bhfoinse seo























































































   64   65   66   67   68