Page 65 - Donegal CC An Rpt 19
P. 65

                                Cuntasaíocht Airgeadais agus Foireann Thionscadal Milestone-4
Tá an phríomhfhreagracht ar Rannán na Cuntasaíochta Airgeadais as an méid seo a leanas:
· Na Ráitis Airgeadais Bliantúla a chur i dtoll a chéile
· An próiseas iniúchta bhliantúil a bhainistiú
· Tuairisciú ar Iarmhéideanna Ginearálta Rialtais (IGR) agus tuairisceáin ráithiúla roinne a sholáthar
· Tuairisceáin chánach (s891b)
· Comhlíontacht cánach
· Treoir airgeadais/córas a sholáthar do ranna eile na Comhairle
· Cothabháil córas (uasghráduithe teicniúla)
· Athruithe cuntasaíochta (nósanna imeachta nua a bhunú mar fhreagairt d’athruithe cuntasaíochta)
· Comhairle a sholáthar do rannóga eile
i ndáil le ceanglais airgeadais/chórais a bhaineann le córais TF nua (e.g. Ceadúnú Madraí, Íocaíochtaí ar líne agus mar sin de)
I rith 2019, lean Foireann Thionscadal Milestone-4 le raon leathan tacaíochtaí
a sholáthar do sheirbhísí eile de chuid na Comhairle maidir le hoibriú an chórais bainistíochta airgeadais (Agresso). Bhí príomhról ag foireann MS-4 i bhforbairt córas nua a thacaíonn le haighneachtaí an údaráis áitiúil chuig Clár Rialaithe Creidmheasa an Bhainc Ceannais. Cuireadh formhór na hoibre forbartha/feidhmithe seo i gcrích in 2019.
Bainistiú Bainc & Cisteáin
Bainistíonn rannóg na gCuntas Airgeadais cuntais bainc agus infheistíochtaí na Comhairle, agus é mar aidhm a chinntiú go bhfuil acmhainní airgeadais leanúnacha agus leordhóthanacha ar fáil do ghníomhaíochtaí na Comhairle. I rith na bliana, reáchtáil an rannóg athbhreithniú ar a cuid roghanna infheistíochta, agus leithdháileadh a cuid acmhainní ar mhaithe leis an ráta toraidh
is airde agus is féidir a chinntiú, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil sócmhainní uile na Comhairle á gcosaint go stuama chun aitheantas a thabhairt do, i measc rudaí
eile, an Treoir um Réiteach agus Aisghabháil Bainc.
Aonad Bailithe Ioncaim
Rátaí Tráchtála
In 2019, eisíodh 5,646 bille Ráta Tráchtála arbh fhiú €34.2m iad chuig gnóthaí i gContae Dhún na nGall.
Bhí an t-airgead tirim iomlán a bailíodh in 2019 i ndáil le Rátaí Tráchtála cothrom le €27.8m, méadú €1.1m i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Rinneadh €6.3m a dhíscríobh mar ioncam do-athfhála i rith 2019. Bhain €4.3m den fhigiúr seo le háitribh a bhí folamh agus a bhí ar fáil le léasú.
Glacann an Chomhairle le cur chuige an-réamhghníomhach i ndáil le plé le custaiméirí Rátaí Tráchtála. Roghnaíonn go leor custaiméirí clárú le haghaidh pleananna íocaíochta míosúla a cheadaíonn dóibh a ndliteanas a ghlanadh go cothrom i rith na bliana airgeadais. Is féidir le custaiméirí
atá i riaráiste tairbhe a bhaint as roghanna plean íocaíochta a éascóidh a ndliteanas foriomlán a laghdú thar théarma fada ama comhaontaithe. Más gá, tionscnaíonn
an Chomhairle caingean dlí i ndáil le haisghabháil dliteanas atá gan íoc.
Leathanach 63









































































   63   64   65   66   67