Page 60 - Donegal CC An Rpt 19
P. 60

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Cuireadh gléasanna HP Elitebook ar fáil do na Comhaltaí Tofa ionas go mbeidís in ann na doiciméid a léamh roimh agus i rith na gcruinnithe. Déantar rochtain ar cheisteanna agus ar rúin a shruthlíniú freisin agus bíonn siad ar fáil go héasca i rith na gcruinnithe. Freastalaíodh ar an bpreas trí shuíomh SharePoint ar leith ar a ndéantar doiciméid chruinnithe a chóipeáil ar lá na gcruinnithe
Seiceáil Sábháilteachta Laethúil Tiománaithe
De réir cheanglais RSA maidir le seiceáil sábháilteachta laethúil imshiúil a dhéanamh ar gach feithicil, d’oibrigh I.S. leis an gClós Innealra chun aip mhóibíleach a fhorbairt, seachas gá a bheith le húsáid a bhaint as páipéar. Déanann an aip gach seiceáil laethúil a ródú go huathoibríoch chuig an gcóras cúil CRM, cuirtear an maoirseoir ábhartha ar an eolas má aimsítear aon locht agus cruthaítear Iarratas Cothabhála go huathoibríoch ina n-áirítear sonraí an lochta. Coimeádtar taifid stairiúla don 5 sheiceáil roimhe sin ar an ngléas le taispeáint ag seicphointí bóthair más gá.
Dún na nGall Digiteach www. donegaldigital.ie
Rinneadh tuilleadh forbartha ar
Thionscadal Dhún na nGall Digiteach in 2019, tionscadal atá freagrach as dlús
a chur le raon gníomhaíochtaí nuálacha forbartha geilleagraí trí úsáid a bhaint
as Teicneolaíochtaí Digiteacha. Tá an tionscnamh trasghníomhaireachta seo ag
fáil tacaíochta ó Fhiontraíocht Éireann,
IDA, Údarás na Gaeltachta, Fáilte Ireland, ERNACT, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Pramerica Systems Ireland, agus tá sé á stiúradh ag Ceannasaí Córas Faisnéise Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Tá Roinn na gCóras Faisnéise ag leanúint ar aghaidh ag obair le Ranna Rialtais agus le Cuideachtaí Teileachumarsáide ábhartha chun cabhrú le leathanbhanda ardluais a rolladh amach ar fud Dhún na nGall. Táthar ag leanúint le leathanbhanda snáithín ardluais a rolladh amach ar fud an Chontae mar thoradh ar chlár snáithín tuaithe OpenEir agus tionscadail snáithín uirbeach SIRO.
De réir bheartas an rialtais, lean an tOifigeach Forbartha Leathanbhanda ag obair agus é mar aidhm tacú le rolladh amach tapa an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda i nDún na nGall, agus le gnéithe gaolmhara Straitéis Dhigiteach na Comhairle a sholáthar.
Bronnadh maoiniú ar Roinn na gCóras Faisnéise faoi 2 shruth de Mhaoiniú Nuálaíochta Digití. Mhaoinigh DIP1.0 clúdach fón póca ag Málainn Bhig. Clúdaíonn maoiniú DIP2.0 triail a bhaint as teicneolaíochtaí Idirlíon na nEarraí i nDún na nGall le haghaidh cianbhraiteacht faisnéis chomhshaoil fíorama.
Bronnadh an conradh chun an tionscadal WiFi4EU a rolladh amach in 54 suíomh
ar fud an Chontae ar SORD Data Systems a bhfuil rolladh amach agus riachtanais infreastruchtúir an líonra á bpleanáil aige.
D’éirigh le hiarratas maoinithe CAFT a rinne Roinn na gCóras Faisnéise i dteannta le Comhairlí Contae Ros Comáin, Shligigh & Mhaigh Eo, chun Mol Digiteach a fhorbairt ag an Base Enterprise Centre i Srath an Urláir.
Cuireadh tús le hobair ar thionscadal
na bPointí Nasctha Leathanbhanda, a chiallaíonn go mbeidh nasc leathanbhanda ardluais á thabhairt chomh fada le 12 shuíomh ar fud an Chontae mar chuid den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, i rith na bliana.
Leanadh leis an obair dearaidh ar mhol Nuálaíochta Inis Eoghain i rith 2019 agus é mar aidhm tús a chur leis an obair thógála in 2020.
 














































































   58   59   60   61   62