Page 58 - Donegal CC An Rpt 19
P. 58

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Cúnamh Pobail
In 2019 sholáthair an Chosaint Shibhialta cumhdach leighis le haghaidh breis is 34 imeacht pobail ar fud an chontae. 46 Céad Fhreagróir Garchabhrach a sholáthar an tseirbhís trí 1415 daonuair dheonach a chur ar fáil dá bpobal chun tacú le himeachtaí éagsúla lena n-áirítear, Féilte Pobail, Imeachtaí Spóirt, Darkness into Light agus Dúshlán na Cruaiche Goirme.
Tatú Míleata an 28ú Cathlán Coisithe
Ar an Lá Seirbhísí Náisiúnta, lá oifigiúil chun aitheantas a thabhairt do agus buíochas a ghabháil le seirbhísí túslíne, reachtúla agus deonacha na hÉireann, sholáthair Cosaint Shibhialta Dhún na nGall cumhdach leighis do Thatú Míleata an 28ú Cathlán Coisithe i mBaile Dhún na nGall.
Aitheantas do Sheirbhís Dheonach
Ar an 20 Meán Fómhair 1969, thosaigh an 1ú Oifigeach, James Dolan, Srath an Urláir, ag soláthar seirbhísí don Chosaint Shibhialta. Ó shin i leith, tá 50 bliain caite ag James
ag soláthar seirbhís dheonach do Chosaint Shibhialta Dhún na nGall. Thug an tUasal Garry Martin, Stiúrthóir Seirbhísí aitheantas don obair luachmhar a rinne James ag oíche Ghradaim Dheireadh na Bliana i mí na Nollag.
Feithicil Bhreise
Rinne an Roinn Cosanta iarratas ar mhaoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin in 2018. Faomhadh an t-iarratas in Iúil 2018 agus leithdháileadh €500,000 ar bhuiséad na Cosanta Sibhialta in 2019. Ba é an aidhm
a bhí leis an airgead a bronnadh acmhainní feithicle na Cosanta Sibhialta a fheabhsú ar fud na tíre. Bhí Cosaint Shibhialta Dhún na nGall fíorbhuíoch gur tugadh feithicil Ford Ranger dóibh le cur leis an bhflít. D’fháiltigh gach duine roimh an leithdháileadh seo
agus is fianaise atá ann ar an obair agus ar na seirbhísí atá á soláthar ag an gCosaint Shibhialta do Phobal Dhún na nGall trí chéile, do na hoibrithe deonacha sa tseirbhís, dóibh siúd a roinneann a gcuid ama go deonach lena chinntiú go bhfreastalaítear ar an bpobal nuair is gá.
Oibrithe deonacha na Cosanta Sibhialta i mbun oiliúna Tiománaí Drochaimsire Easbhóthair le Scoil Tiomána Terrafirma Off Road Driver Training, Cill Dara
   Sa ghrianghraf: An tUasal Garry Martin Stiúrthóir Seirbhíse ag bronnadh gradam aitheantais ar an Uasal James Dolan a bhfuil 50 bliain caite i mbun obair dheonach aige, Edel Flynn, Uasal, Oifigeach Cosanta Sibhialta
Cosaint Shibhialta Dhún na nGall ag glacadh páirte sa 28ú Cathlán Coisithe, Tatú Míleata i mBaile Dhún na nGall ar an 7 MF 2019.




















































































   56   57   58   59   60