Page 57 - Donegal CC An Rpt 19
P. 57

                                 Cosaint Shibhialta
Seirbhísí & tacaíochtaí inrochtana, éifeachtúla & dea-luacha a sholáthar
Tá Cosaint Shibhialta Dhún na nGall, eagraíocht dheonach, ag leanúint ar aghaidh ag tacú leis na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha agus ag cabhrú, nuair is
féidir, le pobail áitiúla le gníomhaíochtaí Neamhéigeandála.
Sholáthair 99 oibrí deonach (40 bean, 59 fear) an tseirbhís oibríochtúil agus Oifigeach Cosanta Sibhialta a bhí i mbun na seirbhíse a bhainistiú.
Táthar ag leanúint le hoiliúint a sholáthar gach seachtain trí 4 ionad, ar fud an chontae;
· Ceanncheathrú na Cosanta Sibhialta, Srath an Urláir.
· Stáisiún Dóiteáin Cúnta Charn Domhnach
· Stáisiún Dóiteáin Bhaile Dhún na nGall
· Hay Hall, Carraig Airt
Oiliúint
Chun ullmhacht oibríochtúil a chothabháil, lean an Chosaint Shibhialta lena cláir oiliúna a fhorbairt agus a rolladh amach i réimsí éagsúla.
· Oiliúint do Chéad Fhreagróirí Cairdiacha agus Dífhibrileora, Céad Fhreagróir Garchabhrach agus Céad Fhreagróir Éigeandála.
· Cúrsa Léamh Léarscáileanna.
· Oiliúint Iompartha Daoine.
· Cúrsa d’Úsáideoirí in Inniúlacht Seaicéad Tarrthála.
· Oiliúint Chastainne Easbhóthair Drochaimsire do Thiománaithe.
· Oiliúint Monatóireachta Radaíochta, i gcomhar leis an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch.
· Oiliúint maidir le hÚsáid Shábháilte Ocsaigine agus Entonox do Chéad Fhreagróirí Éigeandála agus do Theicneoirí Éigeandála Leighis.
· Oiliúint sheachtainiúil Teicneoir Tarrthála Líne.
· Cúrsa faoi Láimhsiú Sábháilte.
· Cleachtadh Dróin agus tástáil árthaigh. · Oiliúint Oibritheoir Líonra Chumarsáide.
· Oiliúint comhraicthe dóiteáin chúnta, lena n-áirítear comhrac dóiteáin ar thalamh fiáin agus freagairt do thuilte.
Freagairt Móréigeandála
In Eanáir 2019, tugadh cúnamh don tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna chun cumhdach Otharchairr 4x4 a sholáthar i rith tréimhsí de thitim sneachta trom i gceantar Leithinis Inis Eoghain, Bhaile na nGallóglach agus na nGleanntach.
Chabhraigh Seirbhís Dóiteáin Cúnta na Cosanta Sibhialta le criúnna Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall tinte aitinn a bhí ag scaipeadh trí cheantar na Rosann in Iarthar Dhún na nGall ar an Aoine, an 19 Aibreán, a smachtú trí 2 chriú agus 1 Fhearas Dóiteáin a sholáthar.
Ghníomhachtaigh an Príomhoifigeach Dóiteáin Cúnta Cosaint Shibhialta Dhún
na nGall ag 7am ar an 4 Deireadh Fómhair 2019 chun cabhair a thabhairt don tSeirbhís Dóiteáin Áitiúil na tuilte i mBaile Dhún na nGall a bhainistiú
Leathanach 55
 





































































   55   56   57   58   59