Page 55 - Donegal CC An Rpt 19
P. 55

                                Cuireadh 225 iniúchadh i gcrích faoin
gclár ceadúnaithe bliantúil agus cuireadh comhairle ar fáil don Údarás Pleanála i ndáil le 496 iarratas.
Leanadh le Clár na mBunscoileanna, a áirítear ann láithreoireachtaí maidir le sábháilteacht dóiteáin sa bhaile do dhaltaí rang a trí.
Bainistíocht Móréigeandála
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall
ag leanúint lena rannpháirtíocht lena Príomhghníomhaireachtaí Freagartha (PGFanna) comhpháirtí, agus le gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha eile, i ngníomhaíochtaí pleanála agus oiliúna atá á n-eagrú ag Grúpa Oibre an Iarthuaiscirt um Bainistíocht Móréigeandála.
Plean Freagartha Éigeandála Tuilte Nua
Sonraítear sa Phlean Freagartha Éigeandála Tuilte a bhfuil glactha leis róil agus freagrachtaí na dtrí Phríomhghníomhaireacht Freagartha agus na ngníomhaireachtaí tacaíochta seo a leanas - Óglaigh na hÉireann, Garda Cósta na hÉireann, Oifig na nOibreacha Poiblí, Uisce Éireann, BSL agus an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Oiliúint an Rialaitheora Oibríochtaí
D’eagraigh Comhairle Contae Dhún na nGall cúrsa lae idirghníomhaireachta chun deis
a thabhairt do rannpháirtithe uasoiliúint a dhéanamh le haghaidh ról an Rialaitheora Oibríochtaí
Oiliúint
21 cúrsa oiliúna eagraithe ag an tSeirbhís Dóiteáin nó foinsithe ó sholáthraithe seachtracha lena n-áirítear an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála a sholáthraíonn cúrsaí seirbhísí dóiteáin ag leibhéal náisiúnta.
Soláthraítear cúrsaí oiliúna do phearsanra na Seirbhíse Dóiteáin ag féachaint dá róil agus dá bhfeidhmeanna laistigh den tseirbhís. Tá leagan amach timthriallach ar chúrsaí áirithe agus maireann siad idir lá amháin agus 15 lá.
Cuireann gach briogáid ar áirithíocht
dhá dhruil trí uair an chloig i gcrích
gach mí. Clúdaítear sna druileanna, atá bunaithe sa léachtlann agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí, raon gníomhaíochtaí oiliúna a sholáthraíonn, i dteannta leis an oiliúint eile, na tacair scileanna riachtanacha chun na feidhmeanna oibríochtúla reachtúla a chomhlíonadh.
Fearas Dóiteáin Nua
Ar an 24 Iúil 2019, thug an Comhairleoir Nicholas Crossan, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, fearas dóiteáin nua Scania ar láimh go hoifigiúil don Oifigeach Stáisiúin Owen Gillespie, Briogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair, a ghlac leis na heochracha thar ceann na briogáide. Ba é Sídheán Teo, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, a thóg an fearas nua a chosain €450,000, agus sholáthair
an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an maoiniú ar fad.
Leathanach 53














































































   53   54   55   56   57