Page 53 - Donegal CC An Rpt 19
P. 53

                                Áiríodh i measc na bpríomhimeachtaí eile seoladh straitéis an Chósta Chruthaithigh 2019-2022, maoiniú breise a fháil don Chósta Bia faoi Ghairm Iomaíoch OFA, rannpháirtíocht táirgeoirí ceirde Dhún an nGall ag an aonach ceardaíochta in Philadelphia i mí Dheireadh Fómhair, dearadh agus soláthar an chláir forbartha easpórtála trasteorann i gcomhpháirt le Comhairle Chathair Dhoire
& Cheantar an tSratha Báin, ainmnithe mar rannpháirtí i gcraobhchomórtas náisiúnta Food Destination agus cur le gníomhaíochtaí mar chuid de thionscadal Donegal Connect go háirithe an Fhéile ag Bun na hEaragaile agus an chomhdháil dar teideal Driving Donegal Forward.
An Diaspóra
I rith na bliana, leanadh leis an bpríomhbhéim a leagan ar chumarsáid leis an Diaspóra trí ríomhphost agus tríd an ríomhiris. Mar aon le Gradaim agus deireadh seachtaine Tipp O Neill, caitheamh roinnt mhaith ama agus fuinnimh ar phleanáil agus ar bhainistíocht Nasc Dhún na nGall, imeacht a raibh 10 lá gníomhaíochtaí agus imeachtaí ar fud an chontae san áireamh ann. Laistigh den chlár, reáchtáladh roinnt príomhimeachtaí Diaspóra-shonracha cosúil le ceardlann lenár gcumainn idirnáisiúnta agus ceardlann maidir leis na dúshláin agus na tacaíochtaí a bhíonn le fáil nuair a bhíonn daoine ag imeacht as Éirinn/ag filleadh ar Éirinn. Sular reáchtáladh Nasc Dhún na nGall bhainistigh oifig an Diaspóra an feachtas dar teideal Grá do Dhún na nGall chomh maith. I rith na bliana, reáchtáladh dhá chruinniú den choiste comhairleach idirnáisiúnta lena n-áirítear ceardlann a d’eagraigh foireann ONeill and Associates, Bostún maidir le suí
sa mhargadh agus aird an diaspóra agus infheisteoirí poitéinsiúla a tharraingt ar an gcontae. Bronnadh an Mórghradam Turasóireachta ar Nasc Dhún na nGall ag Gradaim Pobail agus Comhairle Uile-Éireann LAMA in 2019.
An Líonra Fiontar Eorpach
Déanann Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall ionadaíocht ar 31 OFA/Údarás Áitiúil ar chuibhreannas na hÉireann leis na comhpháirtithe seo a leanas - Fiontraíocht Éireann, na hÚdaráis Áitiúla, Comhlachais Tráchtála Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis
sin, tá bainistiú á dhéanamh ag an Oifig ar ghníomhaíochtaí agus ar bhuiséad 31 Údarás Áitiúil laistigh den tionscadal. Is cuid de líonra idirnáisiúnta de bhreis is 600 eagraíocht tacaíochta fiontair i mbreis is 6 thír é an tionscadal seo atá á mhaoiniú faoi chlár COSME an AE. Is é príomhchuspóir an tionscadail cúnamh a thabhairt do chuideachtaí oiriúnacha deiseanna nua easpórtála a fhorbairt trí chomhpháirtíocht, imeachtaí bróicéireachta agus naisc a chruthú trí eagraíochtaí idirnáisiúnta EEN eile. I rith na bliana, d’eagraigh oifig Dhún na nGall dhá imeacht náisiúnta bróicéireachta ‘buail leis an gceannaitheoir’ agus d’fhreastail breis is 120 gnólacht agus ceannaitheoir ar gach imeacht. Comhlíonadh gach méadrach a bhí luaite leis an tionscadal le haghaidh na OFAanna in 2019.
Tionscadail Eorpacha
I rith na bliana, lean an OFA le ról gníomhach a bheith aici mar chomhpháirtí i gceithre thionscadal atá á maoiniú ag an AE, arb é an tionscadal is suntasaí ina measc tionscadal luach €17M dar teideal Co-Innovate atá á threorú ag InterTradeIreland agus a bhfuil OFA Dhún
na nGall ag feidhmiú mar chomhpháirtí de chuid an tionscadail agus comhalta d’fhoireann bainistíochta an tionscadail. Cuireadh tús i lár na bliana le dhá thionscadal nua - PASSAPRTOOL agus SinCE-AFC, tionscadail atá dírithe ar nuálaíocht bhog (neamh-T&F) agus an geilleagar ciorclach laistigh den earnáil bia - dhá réimse a chruthaigh deis shuntasach do ghnólachtaí áitiúla. Sholáthair an tionscadal EIS atá dírithe ar idirnáisiúnú FBManna an uirlis ghnó a bhí mar bhonn le dearadh agus le soláthar an chláir easpórtála trasteorann in 2019.
Leathanach 51























































































   51   52   53   54   55