Page 54 - Donegal CC An Rpt 19
P. 54

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
An Comhairleoir Nicholas Crossan, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus an tOifigeach Stáisiúin Owen Gillespie, Briogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair.
Seirbhís Dóiteáin
Seirbhísí agus tacaíochtaí inrochtana, éifeachtúla agus dea-luacha a sholáthar
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, ina
ról mar Údarás Dóiteáin don Chontae, ag leanúint lena feidhmeanna oibríochtúla agus sábháilteachta dóiteáin a chomhlíonadh.
Tá an tseirbhís oibríochtúil á soláthar ag
15 Bhriogáid Dóiteáin ar Áirithíocht, ag aonaid dheonacha ar Árainn Mhór agus ar Thoraigh agus ag Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann (NIFRS)
a sholáthraíonn seirbhís oibríochtúil do chodanna sainithe den Chontae, go háirithe i gcomharsanacht Cheann an Droichid agus Leifir. Chomh maith leis sin, soláthraíonn Seirbhís Dóiteáin Chomhairle Contae Dhún na nGall (an tSeirbhís Dóiteáin) an tseirbhís oibríochtúil do chodanna de chontaetha Liatroma agus Shligigh.
Teagmhais
D’fhreagair Briogáid Dóiteáin Dhún na nGall agus NIFRS do 825 teagmhas in 2019,
i gcomparáid le 916 teagmhas in 2018, laghdú 9.9%.
Cuimsíodh i measc na dteagmhas seo raon gníomhaíochtaí a áirítear iontu dóiteáin, imbhuailtí tráchta ar bhóithre, tuilte agus seirbhísí speisialta eile. Chuaigh briogáid Dhún na nGall i mbun seirbhíse 950 babhta agus chuaigh NIFRS i mbun seirbhíse i nDún na nGall 52 babhta.
Cosc Dóiteáin
Fuarthas 189 iarratas le haghaidh Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, líon arb ionann é agus méadú 8.6% i gcomparáid
le 2018.



















































































   52   53   54   55   56