Page 52 - Donegal CC An Rpt 19
P. 52

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall
Bainistíonn agus soláthraíonn an Oifig Fiontair Áitiúil an méid seo a leanas:
Oifig Fiontair Áitiúil
Tá achoimre ar na haschuir ó raon gníomhaíochtaí maoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta agus curtha i gcrích ag an Oifig Fiontair Áitiúil i rith na bliana le fáil i dTábla 1 thíos.
 Méadrach
 Aschur
 Gnóthaí Phunann Cliaint OFA (gnóthaí le tacaíocht deontais)
239
 Fostaíocht iomlán punainne
  1,331
 Glanmhéadú Post in 2019
+57
 Líon tionscadal a fuair cúnamh deontais
 41
 Méid cúnaimh deontais faofa
 €663,555
 Líon imeachtaí/clár/ceardlann Oiliúna
  69
 Líon rannpháirtithe ag na himeachtaí oiliúna seo
2,532
 Cliaint ag baint tairbhe as Meantóireacht
 106
 Líon Scoileanna páirteach sa Chlár Fiontair Scoileanna (CFS)
  22
 Líon Mac Léinn páirteach in CFS
1,261
 Líon Dearbhán Trádála Ar Líne faofa
 42
 Rannpháirtíochtaí Cliant taifeadta
  716
   Tábla 1 Aschuir Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall 2019
Bhí na príomhghníomhaíochtaí dírithe ar chúnamh deontais a sholáthar, cláir oiliúna agus acmhainneachta a sholáthar, forbairt fiontraíochta agus fiontair a chur chun cinn, imeachtaí feasachta agus oiliúna faoi Bhreatimeacht, líonraí reatha a éascú lena n-áirítear braisle innealtóireachta faoi shamhail ProfitNet, Cósta an Bhia, an Cósta Cruthaitheach agus an bhraisle faisin & dearaidh agus tacú le Líonra Mhná Gnó Dhún na nGall a cheiliúir 20 bliain a bhunaithe i rith 2019.
I measc na bpríomhghníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun dlús a chur faoi fhiontraíocht i rith 2019 bhí an tSeachtain Fiontair i mí Márta, an Clár Fiontair Scoileanna a ritheadh ó mhí Mheán Fómhair roimhe sin go dtí an craobhchomórtas i mí Aibreáin, an Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn, Lá Fiontair Náisiúnta na mBan i mí Dheireadh Fómhair agus Gradaim Ghnó Dhún na nGall i mí na Nollag.

































































   50   51   52   53   54