Page 50 - Donegal CC An Rpt 19
P. 50

                                  Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Toscairí ar cuairt ar Dhún na nGall mar chuid de Chruinniú Bhiúró Polaitiúil CPMR i mí Mheithimh
Reáchtáil Comhairle Contae Dhún na nGall Biúró Polaitiúil CPMR i nDún na nGall i mí Mheithimh. D’fhreastail thart ar 80 toscaire as ar fud na hEorpa ar na gcruinniú seo d’ionadaithe polaitiúla agus díríodh ar raon saincheisteanna lena n-áirítear todhchaí Chomhar Críche na hEorpa, todhchaí
Ten-T mar aon le hIascaigh agus An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh don tréimhse i ndiaidh 2020.
Is comhalta de CPMR é Comhairle Contae Dhún na nGall ón mbliain 1998 agus tá obair ar bun i gcomhpháirtíocht le Tionól Réigiúin an Iarthuaiscirt. Cuimsítear in CPMR 160 réigiún ó 25 stát ón Aontas Eorpach agus ó níos faide ó bhaile agus cinntítear go bhfuil riachtanais agus leasanna a mballréigiún
á gcur san áireamh i mbeartais ag a
bhfuil tionchar suntasach críche trí dhíriú
go príomha ar chomhtháthú sóisialta, geilleagrach agus críche, beartais mhuirí agus fás gorm agus inrochtaineacht.
Trína ghréasán suntasach teagmhálaithe laistigh d’institiúidí an AE agus rialtais náisiúnta, feithicil thábhachtach do Dhún na nGall ba ea CPMR lena chinntiú go gcuirtear leasanna an chontae san áireamh nuair a bhíonn beartais á bhfoirmliú a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an réigiún.
Moladh do thoscairí eitilt isteach go hAerfort Dhún na nGall chun léargas a fháil ar áilleacht an cheantair agus cuireadh fáilte chroíúil rompu ag ócáid fáiltithe a reáchtáil Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún
na nGall in Harvey’s Point agus bhí deis
acu freisin súil a chaitheamh ar chuid de
na tírdhreacha is áille i nDún na nGall lena n-áirítear cuairt a thabhairt ar Shliabh Liag ar an lá deiridh den turas.
An tAonad Taighde agus Beartais
Seoladh Tionscadal Trail Gazers an Atlantaigh, atá á stiúradh ag Aonad Taighde agus Beartais na Comhairle, go hoifigiúil
ar an 24 Meitheamh in Óstán Inishowen Gateway, Bun Cranncha, agus ba é an Cathaoirleach An Comhairleoir Nicholas Crossan a bhí i mbun na hócáide a stiúradh. Tá an tionscadal seo, ar fiú €2.6 milliún é,
á mhaoiniú ag Clár Limistéar an Atlantaigh agus cuimsítear ann 10 réigiún dhifriúla in Éirinn, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Phortaingéil agus an Spáinn agus déantar iarracht scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir le hinfheistíocht straitéiseach in infreastruchtúr conairí siúil agus áineasa cuairteoirí nua a mhealladh agus forbairt bailte agus sráidbhailte beaga tuaithe a spreagadh.


















































































   48   49   50   51   52