Page 49 - Donegal CC An Rpt 19
P. 49

                                 Sholáthair na himeachtaí thuasluaite ar
fad ardán luachmhar do na cuideachtaí rannpháirteacha ó Dhún na nGall chun gnó a aimsiú don bhliain amach rompu le tacaíocht ó Thurasóireacht Dhún na nGall
Na Meáin Dhigiteacha agus Shóisialta
Lean Turasóireacht Dhún na nGall ag
cur lena háiseanna meán digiteach agus sóisialta faoin mbranda Go visit Donegal, branda ar bhain tábhacht ar leith leis i ndáil le teagmháil agus nascadh ar bhonn níos minice le spriocphobail.
Facebook
Mhéadaigh líon na leantóirí ar Facebook
ó 25,170 in 2018 go dtí 35,094 in 2019 agus seoladh postáil amháin chuig breis is 179,000 duine i mí na Samhna 2019.
Twitter
Phostáil Turasóireacht Dhún na nGall 516 tvuít in 2019 agus mhéadaigh líon leantóirí chuntas Twitter @govisitdonegal 2,661 go dtí 12,753. Bhí 2,638,000 taispeáint Twitter ann, arb ionann é agus méadú 224% i gcomparáid le figiúr 2018 agus 28,520 cuairt próifíle.
Príomhtháscairí feidhmíochta do chuntas Twitter Thurasóireacht Dhún na nGall:
Suíomh gréasáin
- www.govisitdonegal.com
Lean líon na n-úsáideoirí ag méadú - bhí 80,729 úsáideoir ann in 2019 arb ionann é sin agus méadú de 18,173 (+29%).
Chomh maith leis sin, mhéadaigh líon na seisiún ó 74,931 in 2018 go dtí 101,541 (+35.5%) agus lean líon na n-amharc leathanaigh ag fás go dtí 260,215 (+28.2%).
An tAonad Maoinithe AE
Lean an tAonad Maoinithe AE le deiseanna maoinithe seachtracha ó fhoinsí maoinithe éagsúla réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta a uasmhéadú chun cuspóirí Chomhairle Contae Dhún na nGall a chomhlíonadh.
Ina theannta sin, d’éascaigh an tAonad Maoinithe AE rannpháirtíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall i raon líonraí Eorpacha lena n-áirítear:
· Comhdháil na Réigiún Forimeallach (CPMR)
· Tionól na Réigiún Eorpach (AER)
· Oifig Réigiún na hÉireann (IRO)
· Cumann na nGníomhaireachtaí Áitiúla Daonlathais (ALDA)
· Pobail na Réigiún um Maireachtáil Chuidithe (CORAL)
· Líonra Lárlimistéar Teorann na hÉireann (ICBAN)
· Grúpa um Fhorbairt Réigiúnach an Iarthuaiscirt (GFRIT)
Leathanach 47
    2019
 Leantóirí
12,753
 Tvuíteanna Postáilte
 516
 Taispeáintí
  2,638,000
 Cuairteanna próifíle
28,520
 Luanna
 7,130
 Leantóirí nua
  2,661
   Instagram
Tháinig méadú suntasach ar leantóirí ár gcuntais Instagram ó líon íseal 1,152 úsáideoir go dtí 13,900 úsáideoir i rith 2019, agus 78,000 taispeáint a bhí i gceist de ghnáth.


























































   47   48   49   50   51