Page 47 - Donegal CC An Rpt 19
P. 47

                                Forbairt Gheilleagrach
Forbairt gheilleagrach agus cruthú post inbhuanaithe a chur chun cinn
Rinneadh neart dul chun cinn ar an obair a bhain le hAonad Forbartha Geilleagraí nua tiomnaithe a bhunú laistigh de Chomhairle Contae Dhún na nGall chun dlús a chur le fás i nDún na nGall trí dheiseanna forbartha geilleagraí a chur chun cinn agus tacú
le cruthú post trí bhearta infheistíochta straitéiseacha.
Lean an Chomhairle ar aghaidh ag obair
i gcomhpháirt le Comhairle Chathair
Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin
chun tairiscint infheistíochta spéisiúil Réigiún Iarthuaiscirt na Cathrach a chur chun cinn. I mí na Samhna, threoraigh an Cathaoirleach, an Comhairleoir Nicholas Crossan agus Méara Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin Misean Trádála agus Infheistíochta Iarthuaisceart
na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe agus tarraingíodh aird infheisteoirí poitéinsiúla
in Philadelphia agus i mBostún ar shuíomh uathúil straitéiseach trasteorann an réigiúin, ag a bhfuil bonn gnó san AE agus sa Ríocht Aontaithe.
Áiríodh sa mhisean seo rannpháirtíocht spriocdhírithe le speisialtóirí tionscail, feidhmeannaigh infheistíocht dhíreach eachtrach agus caipitlithe fiontair sa dá chathair, chun léargas a thabhairt ar an tairiscint infheistíochta spéisiúil atá i réigiún iarthuaiscirt na cathrach mar réigiún geata inrochtana, nasctha agus áisiúil do ghnóthaí, réigiún ar mian leis tionchar idirnáisiúnta níos suntasaí a bheith aige.
Chomh maith leis sin, ghlac gnóthaí áitiúla ó raon earnálacha ó dhá limistéar na Comhairle páirt sa mhisean agus bhuail siad le cliaint agus le comhpháirtithe gnó poitéinsiúla agus é mar aidhm acu cur le díolacháin agus a ngnóthaí a fhorbairt.
An Fhoireann Margaíochta Turasóireachta
Cuireadh roinnt príomh-gharspriocanna turasóireachta i gcrích in 2019 lena n-áirítear:
· Seoladh bróisiúr Thurasóireacht Dhún na nGall i mí Feabhra
· Reáchtáladh seimineáir Thurasóireacht agus Thurasóireacht Mhara Dhún na nGall - agus d’fhreastail breis is 150 ionadaí turasóireachta orthu
· Comórtas Grianghrafadóireachta Taistealaithe National Geographic 2019
· Imeacht le Tionscnóirí Turas i dteannta le hAerfort an Iarthair tráth seolta na n-eitiltí nua ón nGearmáin
· Fógra Teilifíse Thurasóireacht Dhún na nGall le Virgin Media
· Sliabh Liag - Straitéis Léirithe
· Comhoibriú le Loganair agus Aerfort
Dhún na nGall
· Bróisiúr agus físeán nua ag tarraingt airde
ar Thurasóireacht Cúrsála i gContae Dhún
na nGall
· Cuireadh píosa scannánaíochta físeáin
de na pointí sár-radhairc ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin i dtoll a chéile agus roinneadh é leis na hionaid cuairteoirí trí thionscadal Capiten chlár Limistéar Atlantaigh an AE
· Freastalaíodh ar roinnt imeachtaí
trádála lena n-áirítear: Ceardlann Creating Celtic Connections B2B, Seó Thurasóireacht Éireann ITB Bheirlín,
Seó Holiday World, imeacht Trádála
Mara Boot Düsseldorf, Seafest, Seó Trádála Ionad Siopadóireachta Chearnóg Victoria, Misean Trádála SAM, Seó trádála Turasóireacht Mhara DIVE 2019.
· Thug Turasóireacht Dhún na nGall aghaidh an athuair ar Chicago agus Milwaukee agus bhuail ionadaithe
ó thurasóireacht Dhún na nGall le heagraithe trádála agus turais, agus leis an bpobal i gcoitinne.
Leathanach 45

































































   45   46   47   48   49