Page 45 - Donegal CC An Rpt 19
P. 45

                                Leathanach 43
 Oifigigh Oidhreachta as ar fud na hÉireann i dteannta leis an Uachtarán Michael D. Higgins (ina shuí sa lár), Michael Parsons (Cathaoirleach Bhord na Comhairle Oidhreachta), Virginia Teehan (Príomhfheidhmeannach, An Chomhairle Oidhreachta) agus comhaltaí foirne na Comhairle Oidhreachta agus na Roinne Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta ag ócáid fáiltithe in Áras an Uachtaráin chun ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain ó bunaíodh Clár an Oifigigh Oidhreachta.
D’éirigh thar cionn leis an tSeachtain Oidhreachta agus reáchtáladh breis is 120 imeacht. Chuir an Oifig Oidhreachta leis an gCúrsa Forbartha Gairmiúla Leanúnaí Learning Through The Landscape i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus leis na ceardlanna Creative Habitats do leanaí.
Chomhthionscnaigh an Oifig Oidhreachta Scéim Deontas Deisiúcháin Tuí agus tugadh faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla ar Lána na hEaglaise, Leitir Ceanainn i dteannta leis an Oifig Caomhantais i ndiaidh maoiniú luach €200,000 a fháil ón gComhairle Oidhreachta. Áiríodh i measc gníomhaíochtaí cur chun feidhme an Phlean Oidhreachta Contae físeáin maidir le scileanna traidisiúnta tógála, an leabhrán Donegal Traditional Shop Fronts & Signage agus seoladh Audit of Columban Cultural Heritage. Fuarthas maoiniú le haghaidh tionscadal a bhí dírithe ar an gCrotach agus ar an bPilibín i gcomhpháirt le Cairde Éanlaith Éireann agus le haghaidh measúnuithe gnáthóige ar reiligí stairiúla. Chláraigh Comhairle Contae Dhún na Gall chun páirt a ghlacadh i bPlean Uile- Éireann um Pailneoirí agus bhuaigh
Bun Cranncha an Gradam Náisiúnta Pailneora ‘Bailte Slachtmhara’ a bhí urraithe ag údaráis áitiúla.
 Bhí an teach seo ar a bhfuil tuí róipín ag An Srath Buí, Gleann Cholm Cille i measc na struchtúr tuí ar tacaíodh leo faoin Scéim Phíolótach Deontas Deisiúcháin Tuí.
 




























































































   43   44   45   46   47