Page 43 - Donegal CC An Rpt 19
P. 43

                                  Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach, an Comhairleoir Nicholas Crossan, Cathaoirleach, Joe Peoples, Stiúrthóir Seirbhíse agus Judith McCarthy, Coimeádaí an Mhúsaeim ar cuairt ar thaispeántas Thaisce Óir Thulaigh Dhónaill Íochtair, Samhain 2019
Músaem Contae Dhún na nGall
D’oibrigh an Músaem le hArd-Mhúsaem na hÉireann chun Taisce Óir Thulaigh Dhónaill Íochtair a chur ar taispeáint le haghaidh coicíse i mí na Samhna. Thug 3,300 duine cuairt ar an taispeántas. Bhí an taispeántas á pháirtmhaoiniú ag clár Éire Ildánach agus ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Osclaíodh spás ilfheidhmeach nua sa Mhúsaem atá páirtmhaoinithe trí Scéim Caipitil Ealaíne agus Cultúir 2016-2018 faoi scáth na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Eagraíodh clár imeachtaí i rith na bliana agus áiríodh i measc na n-imeachtaí; ceardlanna digiteacha idirghníomhacha thionscadal CINE; seandálaíocht do leanaí, ceardlanna drámaíochta agus ealaíne; cainteanna seandálaíochta; seimineáir; seoladh an tsaothair athchlóite, Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall; taispeántais lena n-áirítear “100 years of Women in Politics and Public Life 1918 - 2018”; “Traditional Boats of Ireland” le Dónal Mac Polin i gcomhar leis an tSeirbhís Cartlainne; “50 years of the Letterkenny Folk Festival”; seisiúin cuimhní cinn le daoine scothaosta agus ceardlanna ginealais.
Leathanach 41





























































































   41   42   43   44   45