Page 42 - Donegal CC An Rpt 19
P. 42

                                  Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
EAF 2019 Citadels Eclipse - Ceoltóirí ó Rajasthan Asin Khan, sarangi, agus Sawai Khan Manganiyar, cnagadh, ag glacadh páirte in Eclipse, an dara cuid de choimisiún Citatels of the Sun Fhéile Ealaíon na hEaragaile, i gcomhpháirt le Féile Idirnáisiúnta Ceol Tíre Jodhpur Rajasthan.
An tIonad Cultúrtha Réigiúnach
Clár taispeántais
Lean an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, ceann de na háiseanna ealaíne is fearr sa tír, lena chlár coimisiúnaithe agus le mórthaispeántais ealaíne Éireannach agus idirnáisiúnta in 2019. Áiríodh i measc an chláir roinnt seónna móra, aonair le healaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Áiríodh ina measc Amanda Dunsmore, Cathal McGinley, Richard Noble, Kevin Callaghan, Anthony Haughey, agus seónna grúpa cosúil le The Yalta Game, Súil na nÓg agus Taispeántas Céimithe Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Clár ceoil
Lean an tIonad Cultúrtha Réigiúnach (ICR) lena chlár forbartha ceoil agus cuireadh sraith bliana ceolchoirmeacha i láthair a raibh cláir Earraigh agus Fómhair ina measc mar aon le roinnt féilte lena n-áirítear, Seachtain Ceol Traidisiúnta Leitir Ceanainn, Distorted Perspectives agus Deireadh Seachtaine Idirnáisiúnta Ceol Tíre & Reigé Dhún na nGall mar chuid d’Fhéile Ealaíon
na hEaragaile.



























































































   40   41   42   43   44