Page 41 - Donegal CC An Rpt 19
P. 41

                                  An Grianán 2019 - The Winter Tale Aird Mhic Giollagáin Eoghan Mac Nicola Burns
An tSeirbhís Ealaíon
19ú Féile Bhá Dhún na Gall agus na Cruaiche Goirme
I measc na mbuaicphointí bhí eagrú Mheascra an Domhnaigh in Ionad Ealaíon na Mainistreach arís agus cór Ghlórtha Dhún na nGall i Séipéal Naomh Pádraig, Bhéal Átha Seanaidh agus Naomh Muire, Srath an Urláir.
Ag infheistiú i gCruthú Saothar Ealaíne Nua i nDún na nGall
Tugadh cabhair do ghrúpa ealaíontóirí An Cosán Glas chun conair dealbhóireachta Loinnir a fhorbairt ag Teach Bhaile Chonaill, An Fál Carrach. Bhain breis is 1600 duine taitneamh as 30 saothar ealaíne le 17 n-ealaíontóir.
Cuireadh chun Comhoibrithe - Ilchineálacht Chultúrtha
Le cabhair ón gComhairle Ealaíon agus ón tSeirbhís Ealaíon, sholáthair Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall clár imeachtaí comhairliúcháin phoiblí chun eolas a bhailiú faoi riachtanais seirbhísí cultúrtha pobal mionlaigh eitneach nua i nDún na nGall.
An Grianán
Cheiliúir An Grianán 20 bliain ar an bhfód le léiriú de The Winter’s Tale Shakespeare i Leitir Ceanainn agus in An Caisleán Nua. Sholáthair Creative Europe maoiniú lena aghaidh agus ghlac breis is 40 taibheoir páirt ann mar aon le taisteal ar Foyle Ferry go dtí Aird Mhic Giollagáin..
31ú Féile Ealaíon na hEaragaile
I measc bhuaicphointí na féile bhí an chéad léiriú domhanda de Citadels of the Sun, comhfhiontar idir taibheoirí ceol agus amharclann tíre Éireannach agus Indiach ó Dhún na nGall, Doire agus Rajasthan agus Choir of Ages Dhún na nGall le Moya Brennan.
Leathanach 39






















































































   39   40   41   42   43