Page 40 - Donegal CC An Rpt 19
P. 40

                                  Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Babbling Babies seolta mar chuid den Chlár Right to Read
Seirbhís Leabharlainne
Tugadh beagnach 380,000 cuairt ar Leabharlanna Dhún na nGall, agus tógadh thart ar 308,000 mír ar iasacht, i rith 2019.
Cuireadh deireadh le fíneálacha ón 1 Eanáir.
Fuair an tSeirbhís Leabharlainne cúnamh deontais ó Chiste na gCuntas Díomhaoin (tríd an Roinn Tuaithe agus Forbartha Pobail) le haghaidh ceithre thionscadal chun tacú leis na bearta atá sonraithe in Ár Leabharlanna Poiblí 2022:
1) Físeáin Bheo a tharraingíonn aird ar acmhainní ar líne
2) Clár atá oiriúnach do Dhaoine le Neamhord ar Speictream an Uathachais
3) Clár Ionchuimsithe d’úsáideoirí Lagamhairc
4) Paca Fáilte Ilteangach Leabharlainne
D’óstáil an clár Éire na Sláinte i do Leabharlann 23 imeacht folláine coirp agus meabhairshláinte ar fud an chontae. Cláir litearthachta teaghlaigh rathúla An Ceart
chun Léamh lena n-áirítear Am Scéalaíochta an Earraigh, Réaltaí Samhraidh agus Am Teaghlaigh i do Leabharlann, ar ghlac 2,950 leanbh agus tuismitheoir páirt iontu.
Bhí breis is 150 imeacht ar fud na tíre eagraithe mar chuid d’Fhéile Ealaíon agus Leabhar Leanaí Wainfest, a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair, agus ghlac thart ar 11,400 duine páirt sna himeachtaí.
Seoladh an Tovertafel nuálach sa Phríomhleabharlann i mí Bealtaine. Cabhraíonn Tovertafel, nó an Bord Draíochta, chun daoine ag a bhfuil néaltrú a spreagadh.
Seoladh Tovertafel sa Phríomhleabharlann, Leitir Ceanainn
 



















































































   38   39   40   41   42