Page 38 - Donegal CC An Rpt 19
P. 38
Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Reáchtáladh toghchán de chomhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 24 Bealtaine 2019 mar chuid de na toghcháin áitiúla a reáchtáladh ar fud na tíre. Toghadh 37 comhairleoir le haghaidh téarma oifige cúig bliana ón 7 dtoghlimistéar áitiúla (TLAanna).
I dtoghchán 2019, athraíodh teorainneacha na TLAanna i gcomparáid leis na teorainneacha
a úsáideadh i dtoghcháin 2014, i ndiaidh moladh a fháil ó Choimisiún na Teorann 2018. Níor éiligh an t-athrú seo ar theorainneacha aon athrú ar líon iomlán na gcomhairleoirí ach socraíodh uasmhéid TLA níos ísle de sheachtar comhairleoirí, agus i gcomparáid leis sin i nDún na nGall in 2015 bhí TLAanna ina raibh 10 agus 9 suíochán.
Áiríodh 85 iarrthóir ar fad ar na páipéir bhallóide do thoghchán 2019 le haghaidh 37 suíochán mar seo a leanas;
An comhaireamh ar siúl in Ionad Fóillíochta Aura Leitir Ceanainn
Toghcháin Áitiúla 2019
Toghlimistéar
Líon na nIarrthóirí
Líon na Suíochán
Bun Cranncha
11
5
Carn Domhnach
8
4
Dún na nGall
19
6
Na Gleannta
13
6
Leitir Ceanainn
14
7
Leifear/Srath an Urláir
11
6
Baile na nGallóglach
9
3
IOMLÁN
85
37