Page 36 - Donegal CC An Rpt 19
P. 36

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Leas Foirne
Tá an Oifig Leasa Foirne ag leanúint le tacaíocht agus cúnamh a sholáthar don fhoireann. Soláthraíonn an Chomhairle rochtain ar an gClár Cúnaimh d’Fhostaithe, seirbhís saor in aisce agus rúnda do gach fostaí agus a neasteaghlach. I rith seimineár pleanála réamhscoir a reáchtáladh in 2019 soláthraíodh comhairle agus faisnéis don fhoireann.
In 2019 phróiseáil rannóg aoisliúntais na Roinne Acmhainní Daonna 22 iarratas ar phinsin lena n-áirítear pinsin scoir, sochair scoir coinnithe, pinsin spleácha, aiscí agus íocaíochtaí cnapshuime comhraiceoirí dóiteáin. Anois soláthraíonn MyPay seirbhísí d’údaráis áitiúla sna réimsí párolla agus aoisliúntais, trí shocrú comhroinnte seirbhísí aonair, atá bunaithe i bPort Laoise. Amhail ag an 31 Nollaig 2019, bhí sochair pinsin á bhfáil ag 644 duine ón gComhairle.
Lárionad Seirbhísí do Chustaiméirí
Déileálann an Lárionad Seirbhísí do Chustaiméirí le gach teagmháil a dhéanann an pobal leis an gComhairle trí uimhir theileafóin na Comhairle, 074 91 53900, agus trí sheirbhísí ar líne ([email protected], Tuairiscigh É, Deisigh do Shráid, Facebook, Twitter). In 2019 dhéileáil an Lárionad le breis is 97,000 glao dátheangach (Gaeilge agus Béarla); agus ar an meán b’éigean do dhaoine fanacht níos lú ná 20 soicind sular freagraíodh a nglao. Chomh maith leis sin, dhéileáil an Lárionad le beagnach 6,000 teagmháil ar líne leis an gComhairle in 2019.
An Oifig Cumarsáide
Lean an Oifig Cumarsáide le seirbhísí, tacaíochtaí agus gníomhaíochtaí na Comhairle a chur chun cinn ar bhonn réamhghníomhach, le láithreacht ar líne na Comhairle a bhainistiú lena n-áirítear an suíomh gréasáin agus na suíomhanna meán sóisialta, mar aon le seirbhís fiosrúcháin a sholáthar do na meáin agus ráitis oifigiúla ó Chomhairle Contae Dhún na nGall a eisiúint do na meáin.
Na Meáin Shóisialta
Leanadh le láithreacht meán sóisialta na Comhairle a fhorbairt agus in 2019 mhéadaigh líon ‘Is maith liom’ leathanach Facebook Chomhairle Contae Dhún na nGall 3,843 go dtí 23,306 agus mhéadaigh a chlúdach go dtí breis is 6.5 milliún arb ionann é agus méadú 25% i gcomparáid
le figiúr 2018. Mhéadaigh líon na n-úsáideoirí gníomhacha go dtí 400,240 arb ionann é agus méadú 22% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
























































































   34   35   36   37   38