Page 35 - Donegal CC An Rpt 19
P. 35

                                Acmhainní Daonna
Tacaíocht agus forbairt ár n-acmhainne eagraíochtúla chun ár gcuspóirí a chomhlíonadh
Earcaíocht
Reáchtáladh 43 comórtas in 2019 chun folúntais i réimsí éagsúla a líonadh. San áireamh sna comórtais bhí raon deiseanna lena n-áirítear poist shealadacha nua do thionscadail agus réimsí gníomhaíochta sonracha a raibh maoiniú seachtrach ag tacú leo, obair shéasúrach agus poist fholmha a líonadh i struchtúr bainistíochta agus foirne na Comhairle a tháinig chun cinn i rith na bliana.
Oiliúint agus Forbairt
Sholáthair Roinn Oiliúna na Comhairle i gcomhpháirt le hIonad Oiliúna Réigiúnach Shrath an Urláir (sa ghrianghraf thíos) raon cúrsaí don fhoireann in 2019 agus leagadh béim ar leith ar Shláinte agus Sábháilteacht, Scileanna Teicniúla, Sláinte agus Folláine agus Scileanna TF.
Tá Scéim Oideachais Foirne na Comhairle ag leanúint le tacaíocht a sholáthar do chomhaltaí foirne ar mian leo tabhairt faoi bhreisoideachas. Tá roinnt comhaltaí foirne ag baint tairbhe as an scéim seo faoi láthair trí chúrsaí a dhéanamh sna réimsí seo a leanas - Seirbhísí éigeandála, Tógáil, Leabharlanna agus Bainistíocht faisnéise, agus Innealtóireacht.
Tugadh méadú faoi deara in Ionad Réigiúnach Oiliúna Shrath an Urláir (IROSU) ar líon na ndaoine oilte in 2019 i gcomparáid le 2018. Tá creidiúnú faighte ag IROSU ó GONSNA (Grúpa Oiliúna Náisiúnta Sheirbhísí na nÚdarás Áitiúil), City & Guilds agus ITSSAR. Tá oiliúint curtha
ar fáil do chomhaltaí foirne i réimsí éagsúla, lena n-áirítear Sláinte & Sábháilteacht, Innealra agus Gléasra, agus bóithre speisialaithe, cúrsaí uisce agus cúrsaí fuíolluisce. Rolladh amach agus soláthraíodh roinnt cúrsaí nua agus athbhreithnithe i rith 2019 i gcomhpháirt le hInstitiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Cuireadh an clár creidiúnaithe Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann i scileanna comhraicthe dóiteáin ar fáil d’earcaigh nua i Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall in 2019.
Leathanach 33
 Ionad Réigiúnach Oiliúna Shrath an Urláir
























































































   33   34   35   36   37