Page 33 - Donegal CC An Rpt 19
P. 33

                                 An chéad fhód á chasadh ag an Aire Darragh O’Brien TD ag láthair Thógála forbairt tithíochta sóisialta nua ag Ráth Bhoth
Bainistíocht Fuinnimh
I mí Lúnasa 2019 d’éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall a creidiúnú Córas Bainistíochta Fuinnimh ISO 50001 a choimeád i ndiaidh iniúchta trí lá a bheith curtha i gcrích ag Certification Europe.
I rith 2019, chuir Comhairle Contae Dhún na nGall ceithre thionscadal fuinnimh i gcrích faoi scéim Pobail Fuinnimh Níos Fearr de chuid Fhuinneamh Inmharthana na hÉireann. Áiríodh i measc na dtionscadal éifeachtúlachta fuinnimh seo suiteáil painéal fótavoltach, pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha, uasghráduithe soilsithe chuig LED agus uasghráduithe radaitheoirí atá tíosach ar fhuinneamh in oifigí i suíomhanna éagsúla.
Mar chuid d’iarracht fhoriomlán na Comhairle feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a chinntiú in áitribh uile na Comhairle, cuireadh oibreacha éifeachtúlachta fuinnimh i gcrích in Áras an Chontae in 2019 chomh maith. Suiteáladh 36 grianphainéal fótavoltach ar dhíon Áras an Chontae. Ginfidh an grianchóras PV seo thart ar 8,350 cileavatuair (kWh) de leictreachas gach bliain agus cabhróidh sé leis an gComhairle spriocanna náisiúnta astaíochtaí carbóin a laghdú 30% agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú 50% faoi 2030.
Leathanach 31





























































































   31   32   33   34   35