Page 34 - Donegal CC An Rpt 19
P. 34

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Seirbhís Tréidliachta
Seirbhísí agus tacaíochtaí inrochtana, éifeachtúla agus dea-luacha
Ag fanacht le haghaidh áit chónaithe nua i dTearmann Madraí Dhún na nGall
 Soláthraíonn Seirbhís Tréidliachta Chomhairle Contae Dhún na nGall feidhm reachtúil chomhairleach agus riaracháin maidir le nithe a bhaineann le sláinte phoiblí tréidliachta, úinéireacht fhreagrach ainmhithe agus bainistíocht fhreagrach ainmhithe.
Sláinte Phoiblí Tréidliachta
De réir chonradh seirbhíse le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, soláthraíonn Comhairle Contae Dhún na nGall seirbhís rialaithe rialála i seamlais tréchur íseal, monarchana maraithe éanlaith chlóis ar fheirmeacha agus gnólachtaí próiseála feola sa chontae. Bhí maoirseacht á déanamh ar 15 áitreabh in 2019. Rinne Cigirí Tréidliachta
cigireacht ar 15,095 ainmhí in 5 sheamlas áitiúla. Rinneadh 228 cigireacht rialaithe oifigiúil eile sna háitribh trí chéile agus bailíodh 182 sampla rialaithe.
Rialú Ainmhithe
In 2019 eisíodh ocht gceadúnas madraí ghinearálta, 78 ceadúnas madraí saoil agus 8719 ceadúnas madraí aonair. Rinneadh seacht gcigireacht faoin Acht um Bunachais Pórúcháin Madraí. Tugadh 308 madra ar ais dá n-úinéirí nó aimsíodh baile nua dóibh le cabhair ó Thearmann Madraí Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tuairiscíodh 12 chapall seachráin don Chomhairle in 2019 agus cuireadh 4 chapall i bpóna.

























































































   32   33   34   35   36