Page 44 - Donegal CC An Rpt 19
P. 44

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
An Cathaoirleach, An Comhairleoir Seamus Ó Domhnaill leis an gComhairleoir Gerry McMonagle, An Comhairleoir Martin Harley, Judith McCarthy, Niamh Brennan, Caroline Carr, Donna Cavanagh agus Una Mathewson ag imeacht speisialta comórtha in Áras an Chontae, an 10 Aibreán 2019 chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad suí Dála.
An tSeirbhís Cartlainne
Chomhordaigh an tSeirbhís Cartlainne agus an Músaem imeacht speisialta de chuid na Comhairle le haghaidh Chomóradh Céad Bliain na Chéad Dála, a reáchtáladh in Áras an Chontae, agus cuireadh taispeántas agus leabhrán i dtoll a chéile dar teideal: Dún na nGall, Olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil.
D’fhorbair agus thug an tSeirbhís Cartlainne i dteannta le grúpa Chartlannaithe agus Bhainisteoirí Taifead Rialtais Áitiúil (CBTRA) mórthaispeántas ar camchuairt chun comóradh a dhéanamh
ar 120 bliain de rialtas áitiúil daonlathach in Éirinn: Celebrating the History of Irish Local Government.
Bhí an tSeirbhís Cartlainne 20 bliain d’aois in 2019. Tá go leor gníomhaíochtaí for-rochtana
lena n-áirítear cainteanna, taispeáintí agus ceardlanna reáchtáilte i gcaitheamh na mblianta, mar aon le taispeántas ar líne a thugann léargas ar ábhar na Cartlainne le 20 bliain anuas. I measc na bhféilte a reáchtáladh tá Bealtaine, an tSeachtain Oidhreachta agus Donegal Connect. Uaslódáladh bailiúchán Joseph Murray chuig an suíomh gréasáin. I measc na gcartlann a fuarthas in 2019 tá Cartlann Chumann Gailf Leitir Ceanainn.
In 2019 cuireadh tús leis an tionscadal Echoes of the Decade, tionscadal atá á mhaoiniú ag Peace IV agus dírithe ar Dheich mBliana Chomóradh Céad Bliain i nDún na nGall.
Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall
I Meán Fómhair cheiliúir Clár an Oifigigh Oidhreachta 20 bliain a bhunaithe le hócáid fáiltithe in Áras an Uachtaráin. Chomhordaigh an tOifigeach Oidhreachta dhá imeacht eolais phoiblí mar ullmhúchán don Phlean Oidhreachta Náisiúnta nua (Oidhreacht Éireann 2030) agus tugadh cuireadh dó cur i láthair a dhéanamh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
























































































   42   43   44   45   46