Page 51 - Donegal CC An Rpt 19
P. 51

                                 Turas allamuigh thionscadal TrailGazers chuig an Algarve i mí na Samhna
Áiríodh i measc ceann de phríomhéachtaí 2019 páipéar taighde a fhorbairt le haghaidh rolladh amach Phleananna na gConairí Pobail chun pobail áitiúla a neartú agus gréasán láidir eispéireas mallturasóireachta a fhorbairt do shiúlóirí, rothaithe agus daoine ar breá leo a bheith amuigh faoin aer. Ar an 19 Samhain, reáchtáladh turas allamuigh chuig an Algarve chun scrúdú a dhéanamh ar na tionchair atá ag ollturasóireacht, tuilte agus forbairt ardleibhéil ionad saoire ar gheilleagar áitiúil.
Ar an 17 Meitheamh, reáchtáladh chéad Chruinniú de Thascfhórsa Chonair Gheilleagrach an Atlantaigh (CGA) i nDún
na nGall agus ba é an tAire Stáit Seán Canney a bhí i mbun cathaoirleachta. Is é an aidhm atá ag CGA forbairt a dhéanamh ar chomhoibriú feadh bhord farraige an iarthair, ó Chiarraí go Dún na nGall, ar bhealach a bhaineann lántairbhe as sócmhainní an cheantair, a mheallann infheistíocht agus
a chruthaíonn poist agus rathúnas. Deis iontach ba ea an cruinniú seo chun aird
a tharraingt ar phríomhdheiseanna & príomhdhúshláin atá le sárú ag an gcontae agus tionscadail straitéiseacha nua a éilíonn infheistíocht a áireamh ar an gclár oibre náisiúnta.
Lean an tAonad Taighde agus Beartais le monatóireacht agus le meastóireacht a
dhéanamh ar an bPlean Áitiúil Geilleagrach agus Pobail. D’oibrigh an fhoireann taighde le príomhpháirtithe leasmhara chun 150 tionscadal, atá gníomhach tríd an bplean seo, a scóipeáil.
Cuireadh torthaí Shuirbhé Sonais Dhún
na nGall i láthair Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPA). Ba é
an aidhm a bhí leis an suirbhé seo eolas a bhailiú faoi conas a rátálann cónaitheoirí
a gcaighdeán saoil agus fianaise dháiríre a sholáthar d’infheisteoirí poitéinsiúla maidir leis an ardchaighdeán saoil a mbaineann a bhfoireann oibre taitneamh as i suíomhanna difriúla tuaithe agus uirbeacha sa chontae.
Bhí ról gníomhach ag an Aonad Taighde agus Beartais in eagrú agus i bpoibliú ‘Aonach Gairme do Dhaoine Óga faoi Mhíchumas nó ag a bhfuil Riachtanais Bhreise Tacaíochta’
a reáchtáladh in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ar an 16 Samhain.
Dhéileáil an tAonad le raon leathan iarratas taighde lena n-áirítear críoch a chur le ‘samhail bharrmhaith suímh do sciath- thithíocht’ i nDún na nGall; athbhreithniú
ar Phlean Corparáideach Chomhairle Contae Dhún na nGall; agus príomhtháscairí feidhmíochta a thiomsú chun tacú le láithreoireachtaí éagsúla faoi Fhorbairt Gheilleagrach.
Leathanach 49


















































































   49   50   51   52   53