Page 20 - Donegal CC An Rpt 19
P. 20

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
An Rannóg Pleanála | Infreastruchtúr fisiciúil, sóisialta, geilleagrach, timpeallachta, pobail agus cultúrtha a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt.
Láraonad Pleanála (LAP)
Forléargas
In 2018, chuir LAP dhá mhórthionscadal i gcrích: an Plean Forbartha Contae, 2018- 2024 (ar glacadh leis i mí Bealtaine) agus na Seacht bPlean Ceantair Áitiúla Bailte Straitéiseacha 2018-2024 (ar glacadh leo
i mí Iúil), agus i rith 2019 bhí an clár oibre dírithe ar na céimeanna níos luaithe d’obair ullmhúcháin an phlean. Bhí an cur chuige seo ag teacht le Ciorclán PL03/2019 an Aire inar treoraíodh d’Údaráis Phleanála gan tús a chur le céimeanna foirmiúla an phróisis déanta pleananna (e.g. foilsiú Dréachta)
ar feitheamh glacadh leis an Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach ábhartha.
Pleananna Ceantair Áitiúla
Leitir Ceanainn: Sa chomhthéacs thuasluaite, lean an LAP ag obair ar Phlean Ceantair Áitiúil nua do Leitir Ceanainn, lena n-áirítear roinnt ceardlann iomlánach le Comhaltaí Cheantar Bardasach Leitir Ceanainn. Mar aon le rannpháirtíochtaí le Comhaltaí, áiríodh san obair chomh maith roinnt rannpháirtíochtaí le príomhpháirtithe leasmhara straitéiseacha cosúil le hInstitiúid Teicneolaíochta
Leitir Ceanainn, Uisce Éireann agus Oifig Dearaidh Náisiúnta Bóithre na Comhairle i ndáil le TEN-T, Tionscadal Feabhais Bealaí Tosaíochta (Roinn 2 Leitir Ceanainn), mar aon le forbróirí san earnáil phríobháideach. Chomh maith leis sin, rinneadh breis idirchaidrimh le comhairleoirí ceaptha i ndáil le hIompar, Measúnú Riosca i gcás Tuilte agus Measúnú Tionchair Nádúrtha.
Bun Cranncha: I rith 2019, shainaithin
an LAP an coincheap agus na buntáistí
a bhaineann le hanailís ardleibhéil ar láidreachtaí agus ar laigí Bhun Cranncha chun eolas a sholáthar le haghaidh cinntí a dhéanfar amach anseo maidir le suíomh straitéiseach barrmhaith an bhaile.
Thacaigh Comhaltaí CB Inis Eoghain leis
an chur chuige nuálach seo agus cuireadh tús le próiseas soláthair agus le hobair
ar an tuarascáil i rith an dara leath de
2019. Cruthóidh an staidéar straitéiseach bonnsraith an-láidir d’fhorbairt an Phlean Ceantair Áitiúil ach chomh maith leis
sin feidhmeoidh sé mar phríomhbhonn fianaiseach le haghaidh cinntí infheistíochta gníomhaireachtaí eile, an earnáil dheonach agus an earnáil phríobháideach fosta go deimhin.
Plean Forbartha Contae (PFC), 2018-2024
Chomh fada is a bhaineann le PFC, 2018- 2024, mar aon le rannpháirtíocht sa Cheardlann Iomlánach le Comhaltaí i
ndáil le cur chun feidhme beartais agus saincheisteanna léirmhínithe, príomhréimsí gníomhaíochta ba ea dhá athrú ar an Phlean Forbartha Contae (PFC) a bhí ag teacht chun cinn.
Leagan éagsúil de TEN-T
Teastaíonn athrú i ndáil le TEN-T, Tionscadal Feabhais Bealaí Tosaíochta, atá á fhorbairt. D’oibrigh an rannóg seo le hOifig Dearaidh Náisiúnta Bóithre na Comhairle i ndáil leis na conairí is dealraithí a roghnófar agus i ndáil le ceapadh comhairleoirí chun an tuarascáil timpeallachta riachtanach, Tuarascáil Tionchair Natura agus measúnú straitéiseach riosca i gcás tuilte a ullmhú.
Leagan éagsúil d’Fhuinneamh Gaoithe
Tá gá leis an dara hathrú fosta i ndáil leis an bheartas fuinneamh gaoithe i ndiaidh toradh athbhreithniú breithiúnach a rinneadh ar
an bheartas (atá scriosta anois) a bhí ann
an tráth ar glacadh le PFC 2018-2024. Cé go ndearnadh roinnt dul chun cinn ar an tionscadal seo, cuireadh moill ar an obair mar nach bhfuil Treoirlínte Fuinneamh Gaoithe náisiúnta nuashonraithe ar fáil.








































































   18   19   20   21   22