Page 19 - Donegal CC An Rpt 19
P. 19

                                  Siúlóid Iarnróid Ailt an Chorráin
Páirc Phoiblí, Srath an Urláir
I Márta 2019, fuarthas cead pleanála Chuid 8 chun páirc phoiblí a fhorbairt a n-áirítear
ann áiteanna súgartha, leithris phoiblí agus conairí siúil i nDroim Bó, Srath an Urláir. Tá an Chomhairle ag leanúint lena hiarrachtaí seilbh a fháil ar na tailte seo ionas go mbeidh ar a cumas tionscadal ullmhaithe a sholáthar nuair a fhógrófar tuilleadh gairmeacha náisiúnta ar mhaoiniú.
Tionscnaimh Fáilte Ireland
Sheol Fáilte Ireland ‘Clár Infheistíochta Platforms for Growth’ i mBealtaine 2019. Roghnaíodh na cúig thionscadal a chuir an Chomhairle ar fáil chun dul ar aghaidh chuig Céim 2 den phróiseas:
:: Ráth an Dúin Riabhaigh;
:: Ráth Maoláin, ‘The Battery’;
:: Teach na mBocht, Béal Átha Seanaidh;
:: Na Gleannta, ‘The Laurels’;
:: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Sheol Fáilte Ireland a ‘Scéim Infheistíochta Ceann Scríbe Turasóireachta Forbartha agus Éiritheacha’ náisiúnta i Márta 2019. Tá iarratas déanta ag an Chomhairle agus tá maoiniú €500k á lorg do thionscadal i mBun Dobhráin.
Seirbhísí Farantóireachta
In 2019 chuir an Chomhairle tacaíocht airgeadais ar fáil chun dhá sheirbhís farantóireachta a reáchtáil, An Caisleán Nua-Aird Mhic Giollagáin (Foyle Ferry) agus Bun Cranncha-Ráth Maoláin (Swilly Ferry).
Leathanach 17




















































































   17   18   19   20   21