Page 17 - Donegal CC An Rpt 19
P. 17

                                 An Gradam Aitheantais Náisiúnta Aoisbhách 2019 buaite ag Ceol le Chéile
Ionchuimsiú Sóisialta / Forbairt Pobail
Lean an Chomhairle ar aghaidh ag tacú le tionscnaimh éagsúla um ionchuimsiú sóisialta in 2019 lena n-áirítear an tseachtain um ionchuimsiú sóisialta, Mórtas Ceantair agus raon leathan tionscadal um ionchuimsiú sóisialta ar fud an chontae a chomhordú.
Reáchtáil an tAonad um Ionchuimsiú Sóisialta tionscadal ar éirigh thar cionn leis in 2019 dar teideal ‘Ceol le Chéile’, cór idirghlúine a bhfuil 80 duine scothaosta, leanbh agus duine óg páirteach ann a bhfuil sé mar aidhm leis ionchuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus caidreamh idirghlúine níos láidre a fhorbairt. Méadaíodh an t-aschur idirghlúine seo tríd an tionscadal YOURS (Young and Old, Understanding, Respecting and Sharing)..
Gníomhaíochtaí Eile
Féile Phan-Cheilteach / Craobhchomórtais Damhsa Uladh
Reáchtáladh an 48ú Féile Phan-Cheilteach Idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn idir an 23-28 Aibreán 2019 rud a mheall líon mór cuairteoirí chuig an bhaile chun taitneamh a bhaint as an cheiliúradh iontach agus bríomhar seo de cheol, amhráin, damhsa, mórthaibhseacht agus teangacha na sé náisiún Cheilteacha.
Reáchtáladh Craobhchomórtais Damhsa Uladh 2019, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, i Leitir Ceanainn idir an 1-3 Samhain 2019, agus d’fhreastail thart ar 10,000 duine ar an imeacht.
Rannóg na Gaeilge
Lean Rannóg Gaeilge na Comhairle le raon leathan gníomhaíochtaí a chur i gcrích in 2019. Áiríodh i measc na ngníomhaíochtaí seo Plean Teanga don chontae ar fad, Líonra Leitir Ceanainn, Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta, Seachtain na Gaeilge, cúrsaí Gaeilge don fhoireann agus do bhaill den Chumann Gaelach a ullmhú, a chomhordú agus a chur chun feidhme.
Tionscadail Chaipitiúla
Tairseach Leitir Ceanainn
Leanadh leis an obair a bhain le forbairt an Ionaid Fiontar Sóisialta, páirtmhaoinithe faoi Scéim Deontais na nIonad Uirbeach Ainmnithe (2014-2020) do Thairseach Leitir Ceanainn. Cuireadh an próiseas pleanála a bhain leis an tionscadal i gcrích in 2019.
Leathanach 15





















































































   15   16   17   18   19