Page 15 - Donegal CC An Rpt 19
P. 15

                                 Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse, agus an Cathaoirleach An Clr. Nicholas Crossan ag glacadh leis an teastas cleamhnachta de chuid Aoisbhá Eagraíocht Dhomhanda na Sláinte ón Taoiseach Leo Varadkar agus Oifigeach Alana, WHO.
Forbairt Pobail
Ag tacú le agus ag cur pobal inbhuanaithe agus ionchuimsitheach chun cinn
Bainistiú Cistí (Cistí Inmheánacha)
Tionscnamh an Chiste Forbartha
Leithdháileadh €740,000 ar fad i measc 212 tionscadal/grúpa sa chúig Cheantar Bhardasacha i rith 2019.
Ciste Forbartha na gComhaltaí
Rinneadh íocaíochtaí a chuaigh chun tairbhe thart ar 500 grúpa/tionscadal pobail ar fud an chontae ó Chiste Forbartha na gComhaltaí, ciste a raibh buiséad de €236,000 le haghaidh 2019 luaite leis.
An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPA)
Lean CFPA Dhún na nGall le monatóireacht agus le meastóireacht a dhéanamh ar Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PAEP) 2016-2022. D’oibrigh an Foghrúpa
le hAonad Taighde agus Beartas, Comhairle Contae Dhún na nGall, chun creat agus córas monatóireachta agus meastóireachta a fhorbairt chun príomh-aschuir, torthaí agus tionchair 105 tionscadal atá gníomhach i láthair na huaire trí PAEP a ghabháil agus
a thomhas agus cuireadh dhá thuarascáil monatóireachta agus meastóireachta faoi bhráid CFPA.
Clár Forbartha Tuaithe/LEADER
Is é CFPA Dhún na nGall an Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta (LAG) atá freagrach as riaradh an Chláir Forbartha Tuaithe/LEADER sa chontae. Ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall mar chomhpháirtí airgeadais agus riaracháin agus le ceithre chomhpháirtí feidhmithe, déanann CFPA maoirseacht
ar bhuiséad an Chláir Forbartha Tuaithe/ LEADER de €12.9m sa chontae don tréimhse idir 2014 - 2020. I rith 2019, d’fhaomh CFPA/LAG 59 tionscadal a raibh luach €2.67m luaite leo rud a chiallaigh go raibh an líon iomlán tionscadal a raibh maoiniú leithdháilte lena n-aghaidh ó thús an Chláir cothrom le 161 agus luach de €8.09m.
Leathanach 13
 Oifigigh agus rannpháirtithe i láthair ag seoladh an tionscadail ‘Oidhreacht Thrasteorann’ atá á stiúradh ag Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain.


















































































   13   14   15   16   17