Page 16 - Donegal CC An Rpt 19
P. 16

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Clár Gníomhachtúcháin Pobail um Ionchuimsiú Sóisialta (CGPIS)
Tá CFPA Dhún na nGall ag leanúint le cur chun feidhme an Chláir Gníomhachtúcháin Pobail um Ionchuimsiú Sóisialta (CGPIS)
a bhainistiú agus a mhaoirsiú. Ba é 2019 an dara bliain as clár cúig bliana CGPIS atá á reáchtáil idir 2018-2022, clár ag a bhfuil buiséad de €2,008,917 gach bliain thar shaolré an chláir. Soláthraíonn dhá Chuideachta Áitiúla Forbartha Pobail Clár CGPIS thar ceann CFPA Dhún na nGall i dtrí Bhaisc i gCo. Dhún na nGall mar seo a leanas:-
CFPA Dhún na nGall agus Coiste Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga (CSLDÓ) Dhún na nGall.
Deich nGníomh ar fad atá luaite leis an gClár, cúig ghníomh ó CFPA agus cúig ghníomh ó CSLDÓ. Tá dhá Ghníomh bhreise a bhaineann le Ciste Meabhairshláinte Pobail (CMSP) agus Scéim Deontas Beag CMSP ann fosta. Chomh maith leis sin, déantar foráil chun deis a thabhairt do Chomhordaitheoir
Éire na Sláinte tabhairt faoi thionscnamh rannpháirtíochta pobail chun aird phobal na háite a tharraingt ar an obair atá ar bun ag Éire na Sláinte. Tacóidh an maoiniú
le heagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta gníomhartha a chur i gcrích a bheidh mar bhonn le sláinte agus folláine a fheabhsú de réir Éire na Sláinte, Creat le haghaidh Sláinte agus Folláine Feabhsaithe 2013-2025. Beidh an tréimhse deontais le haghaidh Bhabhta 3 á reáchtáil idir an 1 Iúil 2019 agus an 30 Meitheamh 2021.
Clár PEACE IV
Tá obair ar bun ar an Phlean Gníomhaíochta PEACE IV do Dhún na nGall, plean ar fiú €5.5milliún é, agus tá an clár ag tacú go leanúnach le raon idirghabhálacha lena n-áirítear Ceannaireacht Pobail, Cleachtais Aisiríocha, Spóirt Mhionlaigh, Daoine Óga Imeallaithe, Comhbhá agus Dea-chaidreamh a bheidh mar bhonn le hathrú dearfach agus suntasach. I nDún na nGall tá tacaíocht á soláthar le haghaidh 8 dtionscadal a bhfuil cúnamh deontais á fháil acu agus tá 32 idirghabháil á seachadadh bunaithe ar
thrí théama agus seo a leanas sonraí na miondealuithe leithdháilte:
:: Tá €1.2m leithdháilte ar Leanaí agus Daoine Óga;
:: Tá €2m leithdháilte ar théama na Spásanna agus na Seirbhísí Comhroinnte;
:: Tá €2.4m leithdháilte ar thacú le caidreamh dearfach ag leibhéal áitiúil.
 Baisc 33-1
 Inis Eoghain Dún na nGall
 Comhpháirtíocht Forbartha
Inis Eoghain
 Baisc 33-2
Gaeltacht Dhún na nGall
CLG Forbartha Áitiúil
Dhún na nGall
 Baisc 33-3
 Dún na nGall
 CLG Forbartha Áitiúil
Dhún na nGall
 Clár um Fheabhsú Pobail 2019 & Clár Sheid na bhFear agus na mBan 2019
Reáchtáladh an Clár um Fheabhsú Pobail (CFP), arna mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail, a sholáthraíonn maoiniú deontais chun na háiseanna atá ar fáil
don phobal a fheabhsú don dara bliain in 2019. Tá an Clár á riar ag CFPA Dhún na nGall thar ceann na Roinne agus in 2019 leithdháileadh maoiniú luach €188,257 ar an CFPA chun deontais bheaga nó mhóra a bhronnadh. Rinneadh €28,796 den chiste seo a imfhálú le haghaidh Sheideanna na bhFear agus na mBan sa Chontae agus roinneadh an t-airgead go cothrom sna Ceantair Bhardasacha. Bronnadh deontais faoin Chlár seo ar 94 Grúpa Pobail/Deonach agus ar 26 Sheid na bhFear agus na mBan ar fud an Chontae.
Babhta 3 de Chiste Éire na Sláinte
D’fhaomh Pobal Clár CFPA Dhún na nGall faoi Bhabhta 3 d’Éire na Sláinte i Meitheamh 2019. Is comhiarratas é an Clár Oibre idir




































































   14   15   16   17   18