Page 18 - Donegal CC An Rpt 19
P. 18

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Cosán oilithrigh ag Sliabh Liag
Príomhthionscadail Turasóireachta - Sliabh Liag agus Cionn Mhálanna
Cuireadh na hoibreacha caipitiúla a bhain le príomhthionscadail turasóireachta na Comhairle i Sliabh Liag agus Cionn Mhálanna i gcrích in 2019. Osclaíodh an tIonad Cuairteoirí/Mol Iompair ag Sliabh Liag ar an 13 Bealtaine 2019. Tá sé beartaithe Plean Bainistíochta Cuairteoirí do Chionn Mhálanna a chur i gcrích in 2020.
Clár Baile & Sráidbhaile 2018 & 2019 / CLÁR 2019 / Scéim Infreastruchtúr Áineasa Lasmuigh 2018
Tá tús curtha le hobair ar thionscadail in 11 bhaile agus shráidbhaile ar fud an chontae faoi Scéim Bailte & Sráidbhailte 2018 agus tá maoiniú bronnta ar 7 mbaile agus sráidbhaile ar fud an chontae faoi Scéim Bailte & Sráidbhailte 2019.
Bronnadh maoiniú ar dhá scoil náisiúnta agus ar thrí ghrúpa pobail faoi Bheart 1 Scéim CLÁR 2019 agus bainfidh grúpa pobail amháin tairbhe as Beart 2 Scéim CLÁR.
Leithdháileadh maoiniú ar thrí iarratas Bheart 2 faoi Scéim Infreastruchtúr Áineasa Lasmuigh 2018 in 2019:
:: Conair Altóir na nGleanntach;
:: Conair na hÁirse Móire, Fánaid;
:: Glasbhealach Leitir Ceanainn-Ailt an Chorráin (Céim 1).
Tionscadal Páirc Pobail Riverine
D’éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin cúnamh deontais luach €8.9m a fháil chun Tionscadal Páirc Pobail Riverine a fhorbairt. Tá sé beartaithe mar chuid den tionscadal seo tríocha acra nua de spás agus infreastruchtúr páirc pobail nua a chruthú ag Leifear agus An Srath Bán agus tá sé beartaithe an obair a chur i gcrích faoi Mhárta 2023.






















































































   16   17   18   19   20