Page 21 - Donegal CC An Rpt 19
P. 21

                                Gníomhaíochtaí Eile
Áirítear i measc na ngníomhaíochtaí eile:
· Cur le freagairtí na Comhairle maidir leis an chreat pleanála réigiúnaí nua (Dréacht- Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach) agus, ar an bhealach céanna, páirt a ghlacadh in obair atá ag eascairt as clár oibre as an Chomhpháirtíocht Fáis Straitéisigh Thuaidh-Thoir.
· Rannpháirtíocht leanúnach i roinnt tionscadal atá á dtreorú ag rannáin eile de chuid na Comhairle.
Tionscadail Eorpacha
I rith 2019, leanadh leis an obair idir-réigiúnach ar chur chun feidhme agus ar mhonatóireacht Phlean Gníomhaíochta HERICOAST. Áiríodh anseo freastal ar chruinniú de chuid an ghrúpa stiúrtha in Amstardam i mí Aibreáin. Ag comhdháil scoir HERICOAST i Réigiún na mBascach i mí na Samhna, rinne LAP cur i láthair do dhaoine a raibh lucht ceaptha beartais ina measc as gach réigiún comhpháirtí lena n-áirítear ionadaithe ó EU Interreg agus ón Chomhrúnaíocht.
An tAonad Forfheidhmiúcháin
Rialú Tógála agus Tógáil i gCúram Eastát Cónaithe
Rialú Tógála
Is ceanglas de na Rialacháin um Rialú Tógála é go gcaithfidh duine ag a bhfuil sé beartaithe oibreacha a chur i gcrích nó athrú ábhartha úsáide a dhéanamh i ndáil le foirgneamh fógra a thabhairt, i bhfoirm Fógra Tosaithe, don Údarás Rialaithe Tógála, maidir lena rún tús a chur le hoibreacha.
I rith 2019, ghlac an Roinn um Rialú Tógála le 486 Fógra Tosaithe bailí i ndáil le 620 foirgneamh nua. I gcomparáid leis sin, fuarthas 483 Fógra Tosaithe bailí a bhain le 608 aonad in 2018.
Rinne an Roinn um Rialú Tógála 80 iniúchadh láithreáin ar na foirgnimh seo agus é mar aidhm monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na Rialacháin Tógála.
Chomh maith leis sin, rinneadh 53 iarratas ar Theastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2019 agus 3 iarratas ar Mhaolú nó ar Dhispeansáid ó na Rialacháin Tógála.
Leathanach 19
 Líon Iomlán Cásanna Beo ag Deireadh na Bliana
2016
 2017
 2018
 2019
 2188
 842
 826
 947
   500
450
400
350
300
250
200
150
100
50
Líon na bhFógraí Tosaithe Bailí
80 60 40 20
Líon na nIarratas ar Theastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas
                             00
2015 2016 2017 2018 2019
2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019




























































   19   20   21   22   23