Page 22 - Donegal CC An Rpt 19
P. 22

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Tógáil i gCúram
In 2019, lean an Chomhairle ag obair ar na heastáit a bhí fós gan réiteach a raibh maoiniú faighte lena n-aghaidh faoi Chiste um Réiteach Láithreáin (CRL), Tionscnamh um Shábháilteacht Phoiblí (TSP) agus Tionscnamh Náisiúnta um Thógáil i gCúram (TNTC) an Rialtais.
Le cois na bhforbairtí seo atá catagóirithe go foirmiúil mar Fhorbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe (FTNCanna), d’úsáid an tÚdarás Pleanála bannaí urrúis agus acmhainní dílse fosta chun obair dheisiúcháin a dhéanamh laistigh d’eastáit eile chun cabhrú leis an tógáil i gcúram.
Lean an Chomhairle leis an obair a bhain le tógáil i gcúram éastat cónaitheach i rith 2019 agus bronnadh roinnt conarthaí suntasacha agus cuireadh tús le hoibreacha réitigh i rith na bliana agus rinne comhaltaí tofa ag leibhéal an Cheantair Bhardasaigh 7 n-eastát a thógáil i gcúram i rith na bliana.
Úsáideadh maoiniú faoi Thionscnamh Náisiúnta Thógáil i gCúram an Rialtais i roinnt cásanna. Bronnadh an maoiniú seo le haghaidh dhá chineál forbairtí cónaithe dhifriúla:
(i) Eastáit atá nasctha leis an chóras bréan poiblí (Beart 1)
(ii) Eastáit a bhfuil infreastruchtúr atá soláthartha ag forbróir ag freastal orthu
In 2019 bhí an caiteachas iomlán ar Fhorbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe (FTNC) agus
ar chlár na n-eastát Cónaithe Tógáil i gCúram cothrom le €863,000. San áireamh anseo bhí maoiniú ón Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil, airgead ó bhannaí urrúis agus acmhainní dílse na Comhairle.
Aonad na nIarratas Forbartha
Líon Iomlán Iarratas faighte 2014-2019
% Rátaí Iarchurtha de réir an CB in 2019
2500
45%
    1753
1523
1893
1993 1993
2043
     31%
42%
 35%
33%
  23%
 40% 2000 35%
    1500
1000
 500
   0
2014 2015 2016 2017 2018 2019
30% 25% 20% 15% 10%
5% 0%
        Tá líon cobhsaí iarratas de chineál cónaithe le tabhairt faoi deara i bpróifíl na gcineálacha iarratas ach is léir fosta go bhfuil líon suntasach iarratas tráchtála á mbreithniú ag an tSeirbhís Pleanála. Tá castacht mhéadaitheach na gcásanna seo á ceilt sna sonraí, go háirithe i ndáil le measúnú ar ghnáthóga, lenar bhain iarratais a d’éiligh níos mó breithniúcháin ná mar a síleadh roimhe seo. I ndáil le 34% de na hiarratais in 2019, lorgaíodh tuilleadh faisnéise, rud
a tharraingíonn aird ní hamháin ar chastacht na gcásanna ach ar níos mó gá a bheith le ceardlanna le gníomhairí agus le hailtirí i ndáil leis na saincheisteanna atá ag teacht chun
cinn nach mór iad a bhreithniú mar chuid den mheasúnú atá le déanamh ar go leor iarratas. Reáchtáladh dhá cheardlann le 50 gníomhaire a sholáthraíonn formhór na n-iarratas, agus leanfar leis seo in 2020.
Dún na nGall
Na Gleannta
Inis Eoghain
Leitir Ceanainn Srath an Urláir



























































   20   21   22   23   24