Donegal County Council Logo

Menu

Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2024 > April

03/04/2024 - Bridgend to Buncrana & Newtowncunningham Greenway First Non-statutory Public Consultation

 

Donegal County Council with the support of Transport Infrastructure Ireland invite residents of the area, members of the public and all other interested parties to participate in the first non-statutory public consultation for the Bridgend to Buncrana & Newtowncunningham Greenway Project.

 

The project is currently at Phase 1 (Concept & Feasibility), which includes the identification of a project Study Area and the key Constraints and Opportunities located within. The purpose of this public consultation is to inform the public of the project and to invite feedback on the project Study Area, the Constraints and Opportunities located within and any other features that the Design Team should consider.

 

To facilitate this, two in-person public consultation events will take place in Burnfoot and Buncrana as follows:

Aileach Youth and Community Centre, Burnfoot:
Wednesday 10th April 2024 from 2pm to 8pm

Inishowen Gateway Hotel, Railway Road, Buncrana:
Thursday 11th April 2024 from 2pm to 8pm

 

Members of the project team will be available to discuss any queries or concerns regarding the project.

After the conclusion of the in-person consultation events above, public displays will be made available for a period of two weeks until Friday, 26th April at the following locations:

 

Aileach Youth and Community Centre:
Monday to Friday – 18.30pm – 22.00pm

Buncrana Library, St. Mary’s Road, Buncrana:
Tuesday, Thursday & Friday: 09:30 – 17.30; Wednesday: 12.30 – 20.00; Saturdays: 10:00 – 14:30

 

For additional project information, or to complete the feedback form online, please visit the dedicated project website at https://bridgendbuncranagreenway.ie. Information will be accessible online from Wednesday 10th April 2024. Submissions will be accepted until Friday 26th April 2024.

 

If you cannot attend one of our in-person events and are unable to access the website, please feel free to contact the project team by email on [email protected] or by post to: Greenways Capital Projects, Donegal County Council, County House, Lifford, Co. Donegal, F93 Y622.

 

 

03/04/2024 - An Glasbhealach ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua An Chéad Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, ag iarraidh ar chónaitheoirí an limistéir, ar dhaoine den phobal agus ar gach páirtí leasmhar eile páirt a ghlacadh sa chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar Thionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua.

 

Tá an tionscadal ag Céim 1 (Coincheap & Indéantacht) faoi láthair, lena n-áirítear Limistéar Staidéir an tionscadail agus na príomh-Shrianta agus na príomh-Dheiseanna atá lonnaithe ann a shainaithint. Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo eolas a thabhairt don phobal faoin tionscadal agus aiseolas a lorg ar Limistéar Staidéir an tionscadail, ar na Srianta agus na Deiseanna atá lonnaithe laistigh de, agus ar aon ghnéithe eile ar cheart don Fhoireann Deartha breithniú a dhéanamh orthu.

 

Chun an méid sin a éascú, cuirfear dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí i bpearsa ar siúl i mBun na hAbhann agus i mBun Cranncha mar a leanas:

Ionad Óige agus Pobail Ailigh, Bun na hAbhann:
Dé Céadaoin, an 10 Aibreán 2024, ó 2pm go 8pm

Óstán Gateway Inis Eoghain, Bóthar an Iarnróid, Bun Cranncha:
Déardaoin, an 11 Aibreán 2024, ó 2pm go 8pm

 

Beidh baill den fhoireann tionscadail ar fáil chun plé a dhéanamh ar aon cheist nó ábhar imní a bhaineann leis an tionscadal.

Tar éis na n-imeachtaí comhairliúcháin i bpearsa atá leagtha amach thuas, cuirfear taispeántais phoiblí ar fáil ar feadh tréimhse dhá sheachtain go dtí an Aoine, an 26 Aibreán, ag na láithreacha seo a leanas:

 

Ionad Óige agus Pobail Ailigh:
An Luan go dtí an Aoine – 18.30pm – 22.00pm

Leabharlann Bhun Cranncha, Bóthar Mhuire, Bun Cranncha:
An Mháirt, an Déardaoin agus an Aoine: 09:30 – 17.30; An Chéadaoin: 12:30 – 20:00; An Satharn: 10:00 – 14:30

 

Chun faisnéis bhreise a fháil faoin tionscadal, nó chun an fhoirm aiseolais a chomhlánú ar líne, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin tiomnaithe an tionscadail ag https://bridgendbuncranagreenway.ie. Beidh faisnéis ar fáil ar líne ón Chéadaoin an 10 Aibreán 2024. Glacfar le haighneachtaí go dtí an Aoine an 26 Aibreán 2024.

 

Más rud é nach mbeidh tú in ann freastal ar aon cheann dár n-imeachtaí i bpearsa agus nach mbeidh tú ábalta an suíomh Gréasáin a rochtain, déan teagmháil leis an fhoireann tionscadail tríd an ríomhphost chuig [email protected] nó tríd an phost chuig: Tionscadail Chaipitil Glasbhealaí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.