Donegal County Council Logo

Menu

Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2023 > October

13/10/2023 - Europe Direct Letterkenny Soapbox Public Speaking Competition

 

The EU wants to know if:

 “There’s no such thing as a vote that doesn’t matter”.

 

Do you have a strong opinion on youth issues, education opportunities, employment, travel, global warming, sustainability, gender equality, or animal welfare? Whatever the topic, it might be a fit for this year’s Europe Direct Letterkenny Soapbox Competition which is now open for entries.

 

The theme for this year’s Soapbox competition is: “There’s no such thing as a vote that doesn’t matter”.

 

The Soapbox public speaking competition is now in its 12th year. This year’s competition will take place in Central Library on Thursday 26th October at 6.00pm. Some of our MEP’s will be involved in judging the entries. All speeches will be assessed by a panel of independent judges and equal marks will be awarded for content, delivery, structure and overall impact.

 

Kevin McCaul, Manager of Europe Direct Letterkenny, commented “Soapbox provides a great platform for hobbyist public speakers, those seeking to improve their confidence or those with a passion for a particular topic. Since 2011 we have had hundreds of entries across the age spectrum. We want to give local people from across Donegal their chance to speak by entering for Soapbox 2023. The European Elections will take place in 2024 and the Soapbox competition is the perfect opportunity to inform political mindsets ahead of these important elections. Who knows we might even uncover a future member of the European Parliament” !

 

We are calling all schools, speech and drama groups, Toastmasters, businesses, community groups, representative organisations, individuals with a passion, and other organisations. It really is open to anyone who wants to lend their voice to this important topic.

 

How to submit an entry

 

Contestants can compete in one of two categories: 16 and under or 17 and over. The regional winner from each category will receive a prize and will go forward to the national final in Dublin at the end of November.

 

If you would like to take part in Soapbox 2023 please email [email protected] for an application form. 

 

Entries for this year’s Soapbox competition will close on Wednesday 25th October at 5.00pm.

 

 

 

 

 

Comórtas Caint Phoiblí Bosca Cainte Europe Direct Leitir Ceanainn

 

Ba mhian leis an AE an ráiteas seo a phlé:

 “Tá luach le gach vóta”.

 

An bhfuil tuairim láidir agat ar cheisteanna na n-óg, deiseanna oideachais, fostaíocht, taisteal, téamh domhanda, inbhuanaitheacht, comhionannas inscne, nó leas ainmhithe? Cibé ábhar cainte atá ann, gach seans go mbeidh sé oiriúnach do Chomórtas Caint Phoiblí Bhosca Cainte Europe Direct Leitir Ceanainn, comórtas a dtig leat cur isteach air anois.

 

Is é téama chomórtas Bhosca Cainte i mbliana: “Tá luach le gach vóta”.

 

Seo an 12ú bliain don chomórtas caint poiblí Bhosca Cainte. Beidh comórtas na bliana seo ar siúl sa Lárleabharlann Déardaoin 26 Deireadh Fómhair ag 6.00in. Beidh cuid dár bhFeisirí mar chuid den phróiseas moltóireachta ar an chomórtas. Déanfaidh painéal de mholtóirí neamhspleácha measúnú ar gach óráid agus bronnfar marcanna comhionanna de réir ábhair, cur i láthair, struchtúir agus tionchar iomlán.

 

Dúirt Kevin McCaul, Bainisteoir Europe Direct, Leitir Ceanainn, “Cuireann Bosca Cainte ardán iontach ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag caint go poiblí mar chaitheamh aimsire, iad siúd atá ag iarraidh a muinín a fheabhsú nó dóibh siúd a bhfuil dúil mhór acu in ábhar ar leith. Ó 2011 tá na céadta iontráil faighte againn ó gach aoisghrúpa. Tá muid ag iarraidh deis cainte a thabhairt do mhuintir na háite ar fud Dhún na nGall trí chur isteach ar Bhosca Cainte 2023. Beidh na Toghcháin Eorpacha ar siúl in 2024 agus is deis iontach é comórtas Bhosca Cainte le meonta polaitiúla a chur in iúl roimh na toghcháin thábhachtacha seo. Cá bhfios nach dtiocfaidh muid ar chomhalta ionchasach de Pharlaimint na hEorpa” !

 

Tá muid ag iarraidh ar gach scoil, grúpa cainte agus drámaíochta, máistrí sláintí, gnólachtaí, grúpaí pobail, eagraíochtaí ionadaíocha, daoine aonair díograiseacha, agus eagraíochtaí eile. Is féidir le duine ar bith ar mhaith leis nó léi tuairim a léiriú faoin ábhar tábhachtach seo páirt a ghlacadh ann.

 

An dóigh le cur isteach ar an chomórtas

 

Is féidir le hiomaitheoirí dul san iomaíocht i gceann amháin de dhá chatagóir: 16 agus níos óige nó 17 agus níos sine. Bronnfar duais i ngach catagóir ar an bhuaiteoir réigiúnach agus rachaidh sé nó sí ar aghaidh chuig an bhabhta ceannais náisiúnta i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Samhna.

 

Más mian leat páirt a ghlacadh i mBosca Cainte 2023 seol ríomhphost chuig [email protected] le foirm iarratais a fháil.

 

Ní ghlacfar le hiontrálacha do chomórtas Bhosca Cainte na bliana seo i ndiaidh 5.00pm Dé Céadaoin 25 Deireadh Fómhair.