Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases Archive > Press Releases 2022

28/10/2022 - Science Week 2022

Science Week 2022 image

 

Science Week is part of Science Foundation Ireland’s work to promote and celebrate the fascinating world of science. The aim is to encourage school children to engage with science in a fun and interactive way, and to promote awareness of the importance and relevance of STEM (science, technology, engineering, maths) to everyday life.

 

The festival takes place from 13 – 20 November in venues across Ireland, and the focus this year is to highlight and explore infinite possibilities of science. To celebrate Science Week, Donegal County Library Service has organised an exciting programme of events for children.

 

This year's line-up acts as a genuine call for a truly fundamental shift in the attitudes and behaviours of individuals and organisations to combat the climate crisis and protect the delicately interconnected lifecycles of our planet.

 

Dr Emily Grossman, author, STEM ambassador, and TV science expert will deliver two online events, one which discusses climate change, wildlife loss, and how we can all help look after our planet. Her second event is a brief and simple overview of the cutting-edge field of regenerative medicine and how stem cells are used to treat disease.

 

Passionate about sustainable transport and investigating the policies that can make it a reality, engineer and researcher, Vera O’Riordan, will share some facts about electric cars and talk about what the future of travel in Ireland could be - and how we can make it green with more walking, cycling, public transport and electric cars.

 

Donegal author of Time Nor Tide Ben Harkin, will draw on research from Ireland and across the world, to explain what we can expect for the future in Ireland with climate change, and how we can prepare for the impacts of what’s ahead. Combining studies and stories Ben clearly explains how we can use the technology we already have to bring our country to being carbon neutral, while building a better future for us all.

 

The schedule also includes children’s authors and TV personalities Dr Isabel Thomas, Dr Betina Ip, and author of Corpse Talk series, Adam Murphy. There are also workshops on digital technology – teaching kids how to socialize online, and a Cell Explorers workshop where children will gain a basic understanding of the role and structure of cells and DNA.

 

Belinda Glackin, Science Week Coordinator for Donegal County Council Library Service, said: “through our Science Week events, Donegal County Library Service hopes to draw children’s attention to the important ideas about how science works and what scientists do by delivering events that stimulate a child’s natural curiosity and inquisitiveness. We hope to create new experiences for children, to share the joy of discovery, and to shed fresh light on the key issues shaping our future”

 

All primary schools in Donegal will receive an electronic copy of our flyer. Although, events take place during school hours, they are open to home schoolers and the general public.

 

Children and families can find out what’s on for Science Week in Donegal at www.donegallibrary.ie/photoslider/scienceweek2022/ and by following our Facebook and Twitter accounts.

 

 

 

 

 

Seachtain na Eolaíocht 2022

 

Tá Seachtain na hEolaíochta mar chuid d'obair Fhondúireacht Eolaíochta Éireann chun domhan iontach na heolaíochta a chur chun cinn a ceiliúradh a dhéanamh air. Is í an aidhm ná páistí scoile a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar an eolaíocht ar dhóigh spraíúil agus idirghníomhach, agus feasacht a chur chun cinn ar thábhacht agus ábharthacht ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, matamaitic) don saol laethúil.

 

Beidh an fhéile ar siúl ón 13 – 20 Samhain in ionaid ar fud na hÉireann, agus is é fócas na bliana seo aird a tharraingt ar fhéidearthachtaí gan teorainn na heolaíochta agus iniúchadh a dhéanamh orthu. Le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na hEolaíochta, tá clár spreagúil imeachtaí do thachráin eagraithe ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall.

 

Beidh an fhoireann i mbliana ag feidhmiú mar iarratas dáiríre ar athrú fíor-bhunúsach i ndearcadh agus iompraíocht daoine aonair agus eagraíochtaí chun dul i ngleic leis an ghéarchéim aeráide agus saolréanna idirnasctha íogaire ár bpláinéad a chosaint.

 

Cuirfidh an Dochtúir Emily Grossman, údar, ambasadóir ETIM, agus saineolaí eolaíochta teilifíse, dhá imeacht ar líne i láthair. Pléifear an t-athrú aeráide, caillteanas fiadhúlra, agus cén dóigh is féidir linn go léir cuidiú le haire a thabhairt dár bpláinéad i gceann amháin dóibh. Is forbhreathnú gairid agus simplí é an dara himeacht ar réimse cheannródaíoch na míochaine athghiniúna agus ar an dóigh a n-úsáidtear gaschealla chun galar a chóireáil.

 

Is innealtóir agus taighdeoir í Vera O’Riordan, duine atá paiseanta faoi iompar inbhuanaithe agus iniúchadh a dhéanamh ar bheartais a thabharfadh i gcrích é. Roinnfidh sí roinnt fíricí faoi charranna leictreacha agus labhróidh sé faoi thodhchaí an taistil in Éirinn - agus cén dóigh gur féidir linn é a dhéanamh glas tríd a bheith ag siúl níos mó, ag rothaíocht, iompair phoiblí agus carranna leictreacha.

 

Bainfidh an t-údar as Dún na nGall, Time Nor Tide Ben Harkin, leas as taighde ó Éirinn agus ar fud an domhain, chun míniú a thabhairt ar an mhéid is féidir linn a bheith ag súil leis don todhchaí in Éirinn mar gheall ar an athrú aeráide, agus cén dóigh gur féidir linn ullmhú roimh na tionchair atá romhainn. Míníonn Ben go soiléir cén dóigh gur féidir linn an teicneolaíocht atá againn cheana féin a úsáid lenár dtír a iompú ina tír atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus todhchaí níos fearr a thógáil dúinn ar fad.

 

Áirítear sa sceideal freisin údair do thachráin agus pearsana teilifíse, an Dochtúir Isabel Thomas, an Dochtúir Betina Ip, agus údar na sraithe Corpse Talk, Adam Murphy. Beidh ceardlanna ann fosta ar theicneolaíocht dhigiteach – ag teagasc an dóigh le sóisialú ar líne do na páistí, agus ceardlann do Thaisceoirí Cille ina bhfaighidh páistí tuigbheáil bhunúsach ar ról agus struchtúr ceall agus DNA.

 

Dúirt Belinda Glackin, Comhordaitheoir Sheachtain na hEolaíochta do Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Trí imeachtaí Sheachtain na hEolaíochta, tá súil ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall aird na bpáistí a tharraingt ar na smaointe tábhachtacha faoin dóigh a bhfeidhmíonn an eolaíocht agus faoin mhéid a dhéanann eolaithe trí imeachtaí a chur i láthair a spreagann fiosracht nádúrtha agus caidéiseach an pháiste. Tá súil againn eispéiris nua a chruthú do thachráin, áthas na fionnachtana a roinnt, agus léargas nua a thabhairt ar na príomhcheisteanna a bhaineann lenár dtodhchaí a mhúnlú ”

 

Gheobhaidh gach bunscoil i nDún na nGall cóip leictreonach dár mbileog eolais. Cé go mbíonn na himeachtaí ar siúl i rith uaireanta scoile, bíonn siad oscailte do dhaltaí scoile sa bhaile agus don phobal i gcoitinne.

 

Is féidir le tachráin agus le teaghlaigh níos mó a fháil amach faoi cad atá ar siúl do Sheachtain na hEolaíochta i nDún na nGall ag www.donegallibrary.ie/photoslider/scienceweek2022/ agus ár gcuntais Facebook agus Twitter a leanstan.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO