Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le hOifig na nOibreacha Poiblí, i ndiaidh RPS Consulting Engineers Ltd a cheapadh le comhairleoireacht innealtóireachta agus timpeallachta a dhéanamh do na ceithre scéim faoisimh tuilte i mBun na hAbhann, Caisleán na Finne, na Dúnaibh agus na Gleannta.
Bainfidh an cúigiú baile, mar atá An Cheathrú Chaol, tairbhe as scéim faoisimh tuilte fosta, agus is meitheal innealtóirí ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanfaidh an obair sin ag an am céanna.
Nuair a bheas siad curtha i gcrích, tabharfaidh na scéimeanna cosaint ó thuilte ar fáil do thithe agus áitribh ghnó chomh maith le háiseanna pobail eile agus bonneagar bardais.
Sa bhreis ar na cúig scéim seo, fuarthas tairiscintí i dtaca le coimisiún le haghaidh seirbhísí comhairleoireachta innealtóireachta agus timpeallachta do scéimeanna faoisimh tuilte sna pobail i mBealach Féich, Bun Cranncha-Lodán agus Ráth Mealtain, níos luaithe sa mhí. Tá na tairiscintí seo á measúnú faoi láthair agus déanfar ceapúchán sna míonna amach romhainn.