Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Torthaí Bailte Slachtmhara

18 Samhain 2021 - Torthaí iontacha do Dhún na nGall i gComórtas Bailte Slachtmhara na bliana seo

 

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Jack Murray comhghairdeas le Coistí Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha agus Leitir Ceanainn as boinn óir a fháil i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2021. Tá an comórtas ann ó 1958 agus roghnaíodh Inis, Co. an Chláir mar phríomhbhuaiteoir náisiúnta na bliana seo as na 847 iarratas ar fud na tíre, 34 acu as Dún na nGall.

 

 

Dúirt an Comhairleoir Murray: “Is tionscnamh thar a bheith dearfach é Bailte Slachtmhara. Cuireann an obair dheonach a dhéantar go mór le feabhas a chur ar ár mbailte agus ár sráidbhailte, agus iad a dhéanamh ina n-áiteanna níos fearr le maireachtáil iontu, obair iontu agus cuairt a thabhairt orthu. Tá an tsárobair a dhéanann na hoibrithe deonacha seo feicthe agam le mo dhá shúil féin agus is cruthúnas ar a gcuid oibre agus ar a dtiomantas gan staonadh é an dá bhonn óir atá bainte ag an chontae”.

 

 

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, an fógra Dé hAoine seo caite ag ócáid laghdaithe san RDS os comhair líon beag ionadaithe ó iontrálacha na bliana seo.

 

 

Bhuaigh Bun Cranncha bonn óir i measc na mbailte móra a bhfuil daonra idir 5,001 agus 10,000 acu. Bhuaigh Leitir Ceanainn bonn óir sa chatagóir Lárionad Mór Uirbeach do bhailte a bhfuil daonra idir 15,001 agus 25,000 acu.

 

 

Mhol an Comhairleoir Murray fosta na bailte agus na sráidbhailte eile ar fud Dhún na nGall a fuair gradaim, amhail buaiteoirí na mbonn cré-umha Na Gleannta agus Carraig Airt i gCatagóir B do shráidbhailte a bhfuil daonra idir 201 agus 1,000 acu, chomh maith le Bun an Phobail agus Ráth Bhoth a bhuaigh boinn chré-umha i gCatagóir C do na bailte beaga a bhfuil daonra idir 1,001 agus 2,500 acu. Rinne Ráth Maoláin an feabhas is mó ón bhliain seo caite agus mar sin bhuaigh siad an Gradam Sár-Iarrachta do Dhún na nGall, agus tugadh ardmholadh do Charraig Airt sa Ghradam Gaeltachta fosta. Bhuaigh Bun Cranncha Gradam Náisiúnta an Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí agus an Gradam Baile Mhóir don Iarthuaisceart agus don Iarthar.

 

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta le gach ceann de na grúpaí Bailte Slachtmhara i nDún na nGall as a n-iarrachtaí agus as a dtacaíocht chun a gcuid bailte agus sráidbhailte ar fud an chontae a dhéanamh chomh fáilteach. Is toradh díreach é seo ar go leor uaireanta an chloig de thiomantas ag oibrithe deonacha na mBailte Slachtmhara. Nuair a thagann na pobail seo le chéile gach bliain chun a gceantar áitiúil a fheabhsú, spreagann sé an bród áite atá againn anseo i nDún na nGall ”.

 

 

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a eagraíonn comórtas na mBailte Slachtmhara agus tá sé urraithe ag SuperValu ó 1992.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO