Ar an Aoine 24 Meán Fómhair d’eisigh Cónaidhm na hÉireann um Míchumas (CÉM) uirlis ar líne don phobal le hinrochtaineacht a gceantair áitiúil dóibh siúd atá faoi mhíchumas a thástáil agus a mheas mar chuid de #MakeWayDay21.
Agus é ag labhairt faoi ócáid an fheachtais ag Cearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn, dúirt an Clr. Jack Murray, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: ‘Tá lúcháir orm leis an fhreagairt thar a bheith dearfach atá faighte ag Make Way Day. Is togra iontach nuálach ach simplí é an feachtas seo a thugann guth do shaoránaigh faoi conas is féidir linn feabhas a chur ar ár mbonneagar poiblí le é a dhéanamh níos rochtana do gach duine. Gan amhras, is féidir linn i gcónaí déanamh níos fearr chun cuidiú lenár saoránaigh dul ó A go B, agus mar sin de d’iarrfainn arís ar gach duine dul chuig www.makewayday.com agus do thuairim a thabhairt.’
Lena chois sin, dúirt an Clr. Jimmy Kavanagh, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach: ‘Tá Make Way Day ag fás ina ócáid náisiúnta bhliantúil anois, agus tríd an teachtaireacht a scaipeadh ar bhonn leanúnach tá níos mó feasachta á spreagadh i dtaca leis na deacrachtaí a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas, ag úsáideoirí cathaoir rotha, ag daoine a bhfuil laigí radhairc acu, agus ag seandaoine ina saol laethúil. Bíonn sé doiligh go leor maireachtáil le míchumas, mar sin de is gá don lucht gnó agus don phobal i gcoitinne a bheith eolach air seo agus gan baic a chur sa bhealach a dhéanfadh an saol níos deacra do dhaoine faoi mhíchumas.’
Fá choinne tuilleadh eolais agus le do pháirt féin a dhéanamh, gabh chuig www.makewayday.com