Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Beochan Dhigiteach ar Cholm Cille

Tugann Beochan Dhigiteach Colm Cille chuig Glúin Úr ar a 1500ú Breithlá

 Digital Animation Brings Colmcille to a New Generation on his 1500th Birthday image

 

 

Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin 1500ú breithlá Cholm Cille a cheiliúradh ina áit dúchais i nDún na nGall inniu ag imeacht siombalach trasteorann. Chuir an t-imeacht tús le tionscadal de bhéaloideas digiteach, ina raibh páirt ag glúin úr páistí le hoidhreacht an naoimh chlúitigh a choinneáil beo.

 

Ag an imeacht labhair Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an duine a rinne comhordú ar an chlár, agus Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin (CCDCSB). Dúirt an Cathaoirleach, an Comhairleoir Jack Murray go raibh sé “an-speisialta 1500ú breithlá Cholm Cille a cheiliúradh anseo ag Ionad Oidhreachta Cholm Cille i nGartán an áit ar rugadh é.”

 

“Tháinig an dá chomhairle s’againn le chéile le ceannairí eaglasta áitiúla le comóradh a dhéanamh ar an cheiliúradh 1500 bliain seo lenár gcomhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Tá an ceiliúradh breithlae seo mar thoradh ar shraith de 120 imeacht agus gníomhaíocht le bliain anuas, a rinne comóradh ar shaol agus oidhreacht iontach Cholm Cille. Ina measc sin bhí ceolchoirmeacha, taispeántais, scannáin, drámaí, comhdhálacha, oibreacha caomhnaithe chuig láithreacha oidhreachta Cholm Cille, treoracha fuaime, foilseacháin, léachtaí agus cuir i láthair eile. Tá lúcháir orainn, ainneoin COVID, gur éirigh linn imeachtaí ar líne agus imeachtaí fíorúla a úsáid le Colm Cille a thabhairt ní hamháin chuig lucht éisteachta áitiúil agus réigiúnach ach chuig lucht éisteachta náisiúnta agus idirnáisiúnta chomh maith.”

 

Dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Bardasach Graham Warke go ndéanfaí iarracht an ceiliúradh breithlae “Solas an Choilm” a bhí beartaithe don chathair ar an oíche agus a cuireadh ar ceal mar gheall ar an rabhadh drochaimsire a atheagrú ag am níos fóirsteanaí. Leis an imeacht 'Solas an Choilm’ tiocfaidh beocht isteach i dtailte Eaglais an Túir Fhada le suiteáil fhíorálainn solais. Chomh maith leis sin beidh damhsa, filíocht agus ceol ó cheoltóirí áitiúla le go dtig le daoine siúl tríd le téama an dóchais agus dúil leis an am atá le teacht.

 

Dúirt an Méara go mbeadh an Cathaoirleach leis ag an ócáid, a chomhordaigh Tionscnamh Carnabhail an Iarthuaiscirt (TCIT), In Your Space agus Stiúideo 2. “Tráthnóna speisialta tochtmhar a bheidh ann le duine a thabhairt chun cuimhne a bhfuil áit chomh lárnach sin aige sa stair áitiúil” a dúirt sé.

 

Ag an imeacht breithlae in Ionad Oidhreachta Cholm Cille bhí daltaí bunscoile i láthair as Scoil Náisiúnta Ghartáin, ceann amháin de 20 scoil a ghlac páirt sa tionscadal de bheochan digiteach béaloidis. Is í Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Chontae Dhún na nGall a bhí i mbun an tionscadail, i gcomhar le húdaráis leabharlainne i Sligeach, i gContae na Mí agus Leabharlanna TÉ.

 

Dúirt Eileen Burgess, Bainisteoir Roinn Cultúir CCDG, go ndearna an tionscadal “múinteoirí a uasoiliúint le cuidiú le páistí taighde a dhéanamh a shaol Cholm Cille agus leis na beochaintí digiteacha a chruthú. Rinneadh beochaintí na bpáistí a fhorbairt le greannán maisithe a dhéanamh a sheol muid go digiteach inniu. Sa ghreannán tá dearcadh spraíúil ar an bhéaloideas agus ar na finnscéalta a bhaineann leis an naomh Chonallach.”

 

“Inniu i nGartán fosta seoladh an Leabhar Dathúcháin ‘Illuminating Colmcille’/’Léargas ar Cholm Cille’, a choimisiúnaigh Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus a mhaoinigh an Chomhairle Oidhreachta agus CCDG.  Tá sé ar fáil saor in aisce ó leabharlanna, ó Iarsmalann an Chontae, ó Lárionad Oideachais Dhún na nGall, ón Oifig Oidhreachta agus ar líne.”

 

Dúirt Ms Burgess go raibh áthas uirthi an dá sheoladh eile a fhógairt inniu: léarscáil nua mhaisithe de na príomhláithreacha in Éirinn agus in Albain a bhaineann le Colm Cille agus treoir fuaime Ghaeilge de láithreacha oidhreachta i nDún na nGall a bhaineann le Colm Cille a phléann gnéithe dá shaol agus dá oidhreacht.  Is é Abarta Heritage a rinne an taighde ar an treoir fuaime “Dún na nGall Cholm Cille /St. Colmcille’s Donegal’. D’aistrigh Foras na Gaeilge í , In Hand Guides a léirigh í agus Áine Ní Bhreisleáin a rinne an tráchtaireacht.”

 

I láthair ag an imeacht i nGartán chomh maith bhí ionadaithe de chuid phríomh-mhaoinitheoirí chlár Cholm Cille 1500, Grúpa Forbartha an Iarthuaiscirt: An Cathaoirleach, an Comhairleoir Ciaran Brogan (CCDG) agus an Leas-Chathaoirleach, an Bardasach Derek Hussey (CCDCSB). 

 

I ndiaidh an imeachta i nGartán, nocht an Cathaoirleach dealbh chomórtha 4m chré-umha de Cholm Cille i gCill Mhic Réanáin. Coimisiúnaíodh an dealbh mar Thionscadal Percent For Art agus mhaoinigh Bonneagar Iompair Éireann í mar chuid de Bhóthar N56 An Cúl Buí go Cill Mhic Réanáin. Léirigh an tEalaíontóir Niall Bruton éirim an naoimh mar dhuine atá cosúil le manach ina sheasamh go bródúil agus go láidir in éadan na doininne, a sciatháin i dtreo na bhflaitheas agus corrán de choilm leis. Thart ar an dealbh tá clocha colbha ornáideacha a cruthaíodh i gceardlanna le Scoil Náisiúnta Cholm Cille i gCill Mhic Réanáin agus Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn.

 

Cuireadh deireadh le ceiliúradh an lae le teilgin dhigiteacha i gCearnóg Halla na Cathrach i nDoire mar chuid de thionscadal soilsithe ‘Coinneal Cholmcille (Columba’s Candle)’, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus údaráis áitiúla ar fud na hÉireann agus ar fud na hAlban le háiteanna a bhaineann le Colm Cille a shoilsiú. Tá pleananna le hionad Oidhreachta Cholm Cille agus Séipéal Cholm Cille i nGartán a shoilsiú curtha siar mar gheall ar an rabhadh aimsire.

 

Fuair na himeachtaí tacaíocht ó Éire Chruthaitheach agus Ciste Forbartha an Iarthuiscirt i gcomhar le hOifig an Fheidhmeannais agus Rialtas na hÉireann agus le tacaíocht uathu. Fuair Tionscadal na Seirbhíse Leabharlainen cuid den mhaoiniú ón Chlár Éire Chruthaitheach le tuilleadh tacaíochta ó Chomhairlí Contae Dhún na nGall, Shligigh agus na Mí agus Leabharlanna TÉ. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO