Bí ar do shuaimhneas agus tú ag léamh le do Pháiste le linn saoire an tsamhraidh
Is ábhar bróid do Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh Clár Léitheoireachta Samhraidh ann do pháistí & do dhaoine óga i do leabharlann áitiúil agus i roinnt ionad de chuid Taobh Tíre.
I gClár Léitheoireachta Samhraidh na Seirbhíse Leabharlainne cuirtear béim ar an tsult a bhaineann le léitheoireacht agus cuidítear le teaghlaigh tacú le forbairt litearthachta a gcuid páistí i dtimpeallacht phléisiúrtha ina bhfuil acmhainní maithe.
Mar bhall leabharlainne, thig leat páirt a ghlacadh in aon cheann dár n-imeachtaí samhraidh saor in aisce. Seo a leanas roinnt imeachtaí leabharlainne a d'fhéadfá a dhéanamh: léirmheas a scríobh ar leabhar, páirt a ghlacadh sna seisiúin sheachtainiúla ríme, agus ceardlanna ceardaíochta.
Fá choinne tuilleadh eolais ar cad é atá ar siúl le linn saoire an tsamhraidh, buail isteach chuig do leabharlann áitiúil nó ionad Taobh Tíre, nó tabhair cuairt orainn ar www.donegallibrary.ie, Facebook agus Twitter.