Agus na teochtaí ag dul síos tráthnóna inniu agus anocht beidh leoraithe griotála na Comhairle Contae amuigh anocht agus maidin amárach le grean a spré ar na bóithre ainmnithe ar fud an chontae. Táthar ag dréim le ceathanna fuara geimhridh anocht agus amárach agus beidh an chuid is measa den aimsir san iarthar agus sa tuaisceart, agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach úsáideoir bóthair a bheith iontach cúramach anocht, agus glacadh leis nach féidir a bheith cinnte go bhfuil aon bhóthar saor ó shioc. Is féidir le tiománaithe agus úsáideoirí eile coinneáil suas chun dáta faoi na bóithre atá á ngriotáil trí amharc ar an léarscáil ghriotála anseo.