Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhairliúchán Poiblí PFC 2018-2024

Tús le Comhairliúchán Poiblí inniu ar an Dréachtphlean Forbartha Contae

Tá tús curtha inniu  Dé hAoine 9 Feabhra le Comhairliúchán Poiblí ar na hathruithe ábhartha ar Dhréachtphlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 agus thig le duine ar bith ar suim leo aighneacht a dhéanamh suas go dtí an Déardaoin 8 Márta 2018, agus an lá sin san áireamh.

 

Tá rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall 40 athrú ábhartha a dhéanamh ar Dhréachtphlean Forbartha Contae ina leagtar amach an straitéis fhoriomlán le haghaidh pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe i nDún na nGall.  Tá cinneadh déanta ag an Chomhairle go bhfuil gá le Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Iomchuí (MI) ar na hathruithe ábhartha atá beartaithe.

 

Foilsíodh Dréachtphlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 agus an Tuarascáil Chomhshaoil i mí na Bealtaine 2017 le haghaidh comhairliúchán poiblí go dtí 1 Meán Fómhair 2017.   Fuarthas 312 aighneacht le linn na tréimhse sin.  D’ullmhaigh Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle tuairisc ar na haighneachtaí seo, a ndearna na baill tofa plé orthu i mí na Nollag agus socraíodh go ndéanfaí 40 athrú ábhartha beartaithe ar an Dréachtphlean. Tá siad seo oscailte anois le haghaidh comhairliúchán poiblí. 

 

Tá doiciméid ar fáil lena scrúdú anseo nó is féidir iad a scrúd in aon cheann d'Ionaid Seirbhíse Poiblí na ComhairleLeabharlanna nó i dTeach an Chontae i Leifear.  Is féidir doiciméid a cheannach ar chostas €10 fosta le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí.

 

Is féidir aighneachtaí nó breathnúcháin a dhéanamh i scríbhinn agus iad a sheoladh tríd an phost chuig Lár-Aonad Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall i Leifear nó is féidir iad a chur trí ríomhphost chuig  [email protected].  Moltar dóibh siúd atá ag déanamh aighneachta sin a dhéanamh trí aon mheán amháin, mar shampla i bhfoirm cóip chrua nó trí ríomhphost.  Fá choinne tuilleadh eolais ar an dóigh le haighneacht a dhéanamh gabh chuig www.ccdhunnangall.ie 

 

Is é an Déardaoin 8 Márta 2018 an dáta deireanach le haighneacht a dhéanamh.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO